Accessibility

Events

Comhdháil Drámaíochta agus Teilifíse 2017

Ó chleamairí go ceamaraí

Beidh aisteoirí, drámadóirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus lucht léinn ag triall ar Champas na Naomh Uile, DCU, don chéad chomhdháil drámaíochta agus teilifíse ar an 17ú agus 18ú Feabhra. Beidh idir shean agus nua i gceist sna hábhair a phléifear, ó na healaíona béil traidisiúnta go todhchaí TG4 agus gach a bhaineann leis na taibhealaíona, ó chleamairí go ceamaraí. I measc na gcainteoirí beidh:

  • Marc Mac Lochlainn (Branar Drámaíochta)
  • Darach Ó Tuairisg (Fibín)
  • Marianne Kennedy (NUIG)
  • Darach Mac Con Iomaire
  • Diarmuid de Faoite

Déanfar beochraoladh feisin ar phainéal díospóireachta ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta.

‘Todhchaí TG4 – an chéad 20 bliain eile’ curtha i láthair ag Tristan Rosenstock. Ar an bpainéal:

  • Alan Esslemont (Ardstiúrthóir TG4)
  • Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie)
  • Niamh Ní Bhaoill (Sibéal Teo.)
  • Seán Ó Cualáin (Sónta Teo.)
Friday, February 17, 2017 - 09:30 to Saturday, February 18, 2017 - 18:30
Which campus?: 
All Hallows
Venue: 
All Hallows Campus DCU
Is registration required?: 
Yes
Free of charge or ticket price: 
€0 – €55.88
Target Audience: 
All Welcome
For more information contact: 
http://comhdhail.blogspot.ie