Fiontar

CAO 2010

Preasráiteas
22 Meitheamh 2010

CAO: Tá deis agat d’intinn a athrú!

An bhfuil an cinneadh ceart déanta agat?  Tá sé tamall anois ó líon tú isteach an fhoirm CAO agus b’fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar do rogha a athrú.  Tá dhá chúrsa shuimiúla nuálaíocha ar fáil in Fiontar, DCU.  Tá cúrsaí bunchéime á dtairiscint ag Fiontar le breis agus deich mbliana anois, agus tá dea-cháil ar chéimithe na gcúrsaí sin i measc fostóirí, go háirithe i measc na n-eagras Gaeilge agus comhlachtaí éagsúla in Éirinn agus thar lear. Tugann an BA Gnó agus Gaeilge deis do mhic léinn comhcheangal a dhéanamh idir cúrsaí gnó agus staid na Gaeilge agus na Gaeltachta sa lá atá inniu ann.  Faigheann mic léinn tuiscint ar shochtheangeolaíocht, ar fhorbairt na Gaeltachta, ar fhorbairt na meán Gaeilge mar aon le gnó, margaíocht, cuntasaíocht agus bainistíocht.  Bíonn deis freisin ag mic léinn taithí oibre a fháil in eagrais Ghaeilge agus i gcomhlachtaí príobháideacha leis na scileanna agus an saineolas atá forbartha acu a chur i gcleachtadh.

‘Éiríonn go hiontach linn naisc a chruthú le comhlachtaí agus eagrais sna réimsí éagsúla anseo in Éirinn agus thar lear. Mar thoradh ar an taithí oibre ‘INTRA’ agus an intéirneacht iriseoireachta, cuireann mic léinn lena gcuid tuisceanna ar an saol proifisiúnta, agus tagann borradh faoina bhféinmhuinín, a n-aibíocht agus a gcuid scileanna caidrimh dhaonna’ a deir an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontraíocht. 

Tá an BA Gaeilge agus Iriseoireacht á rith ag Fiontar i gcomhpháirtíocht le Scoil Chumarsáide DCU, scoil a bhfuil clú náisiúnta agus idirnáisiúnta uirthi.  Is i seomra nuachta RTÉ a chaith buíon de mhic léinn an chúrsa seo a n-intéirneacht iriseoireachta i mbliana agus tá cuid acu siúd anois ag obair ann ar feadh an tsamhraidh.  Tá tús an-mhaith curtha lena gairm iriseoireachta ag Deirdre Dunne a bheidh ag taisteal timpeall na tíre ar feadh an tsamhraidh mar chuid de chriú Féilte TG4.

Seo anois an deis do mhic léinn a bheith ina gceannródaithe agus a chinntiú go bhfuil cúrsaí Fiontar i measc a rogha CAO roimh 1 Iúil 2010. 

Pictiúr:
Sa phictiúr tá mic léinn an BA Gnó agus Gaeilge ag ceiliúradh ag deireadh an chúrsa.

BA Gnó agus Gaeilge DC118 BA Gaeilge agus Iriseoireacht    DC239

Tuilleadh eolais:

An Dr Emer Ní Bhrádaigh
Fiontar
01 700 8101