Fiontar

Tascanna Déanacha

Ghriangraif Fiontar

Glacfar le haon obair atá suas le 1 seachtain déanach ag teacht isteach agus gearrfar pionós 15% den mharc air sin. Is é sin, má fhaigheann an obair inti féin 60%, bainfear 9 marc agus gheobhaidh an mac léinn 51%. Ní ghlacfar le hobair atá níos mó ná 1 seachtain déanach. An t-aon eisceacht maidir leis na spriocanna seo ná má tá an mac léinn féin tinn nó má tá tubaiste mór tinnis, srl ina theaghlach. I gcás tinnis beidh ar an mac léinn sin a rá leis an léachtóir agus teastas dochtúra a thabhairt isteach ag an am sin (seachas cúpla seachtain ina dhiaidh sin). I gcás tubaiste pearsanta beidh ar an mac léinn sin a rá leis an léachtóir. Socróidh an léachtóir spriocdháta nua leis an mac léinn, agus cloífear leis an sprioc sin.