Fiontar

English Version

Fúinn

Aonad trasdisciplíneach é Fiontar a nascann an Ghaeilge le saincheisteanna comhaimseartha, le teicneolaíocht na faisnéise agus le deachleachtais bhainistíochta an lae inniu. Déantar gnó na Scoile, idir theagasc agus thaighde, trí mheán na Gaeilge. Tá an-fhás tagtha ar Fiontar ó bunaíodh an scoil sa bhliain 1993 le cúrsaí bunchéime agus iarchéimeanna nuálaíocha idirdhisciplíneach trí mheán na Gaeilge a chuir ar fáil. Tá aitheantas bainte amach ag céimithe Fiontar ar fud an domhain, i gcomhlachtaí airgeadais agus bogearraí, san earnáil phríobháideach agus phoiblí, agus i réimse na Gaeilge.

Tá deiseanna ag iarchéimithe taighde a bheith rannpháirteach ins na tograí taighde éagsúla atá ar siúl in Fiontar, sa bhainistíocht, sa bhfiontraíocht, i dteicneolaíocht na faisnéise agus go háirithe sa téarmeolaíocht agus sna daonnachtaí digiteacha. Tá foireann taighdeoirí sa téarmaíocht agus i dteicneolaíocht na faisnéise ag obair ar an mbunachar sonraí náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge, Focal.ie, agus ar bhunachar logainmneacha na hÉireann, Logainm.ie, áiseanna a d’fhorbair Fiontar i gcomhar le Foras na Gaeilge agus leis an mBrainse Logainmneacha. Tá fáthanna maithe le teacht chuig Fiontar. Tá scoth na n-áiseanna teicneolaíocha ar an gcampas agus tá ríomhlanna dá chuid féin ag Fiontar. Cuireann foireann Fiontar deiseanna foghlama ar leith ar fáil do mhic léinn, trí ranganna beaga, spreagúla a chothaíonn muinín na mac léinn.