Fiontar

English Version

Cá dtéann céimithe Fiontar?


Tá gairmeacha rathúla forbartha ag céimithe Fiontar i réimse leathan gairmeacha, anseo in Éirinn agus thar lear, cuid acu ag obair leis an nGaeilge. Sampla de na poist atá acu ná:

Bunchéimeanna FiontarIarchéimeanna Fiontar
  • bainisteoir margaíochta
  • stiúrthóir greásáin
  • iriseoir
  • scríbhneoir scripte
  • bainisteoir forbartha gnó agus airgeadais
  • dearthóir suíomh gréasáin
  • láithreoir raidió
  • bainisteoir tograí
  • bainisteoir imeachtaí
  • feidhmeannach reachtaíochta agus pleanála
  • ceannaire ógra / oibrí don óige
  • bainisteoir stáisiún raidió
  • múinteoir bunscoile
  • áisitheoir ealaíon

Tá roinnt cuideachtaí nua mar Elevease, Gaelchultúr, Bialann & Seomraí Só Inis Meáin agus Zamano bunaithe ag céimithe Fiontar, agus poist shinsearacha in earnáil na Gaeilge ag céimithe eile.

Triantán Fiontar

Sa leabhrán Do Ghairm le Gaeilge, a chomhscríobh Fiontar, gheobhaidh tú cuntas an-mhaith ar na deiseanna gairme atá ar fáil do chéimithe Fiontar, agus do chéimithe ata líofa i nGaeilge. Tá seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil do mhic léinn Fiontar i Seirbhís Gairme DCU.


Gaeilge & Cumarsáid


Gnó & Bainistíocht

Teicneolaíocht Faisnéise