Seoltar uirlisí breisithe léarscáilíochta agus logainmníochta Gaeilge

Seoladh leagan breisithe de Bhunachar Logainmneacha na hÉireann agus seirbhís nua léarscáilíochta Gaeilge ar an Aoine, 16ú Bealtaine.Tá leasuithe suntasacha déanta ar an leagan nua de logainm.ie, suíomh poiblí Bhunachar Logainmneacha na hÉireann. Tá athdhearadh iomlán déanta ar an suíomh chun é a dhéanamh níos tarraingtí, níos áisiúla agus níos fusa le brabhsáil. Ag labhairt dó ag an seoladh inniu dúirt Dr Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar DCU, “Le blianta beaga anuas tá forbairtí teicniúla tar éis rochtain an phobail ar chineálacha éagsúla faisnéise a fheabhsú go mór. I dtír dhátheangach mar seo, tá sé tábhachtach go ndéantar gach iarracht go mbeidh an oiread eolais agus is féidir ar fáil trí Ghaeilge, agus ní i mBéarla amháin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo, ní amháin do dhaltaí agus do mhúinteoirí, ach dóibh siúd i ngach cearn den domhan a chuireann suim ina n-oidhreacht Gaelach.” Thagair Dr Mac Murchaidh do cheann de na leasuithe is suntasaí atá déanta ar logainm.ie, “Tá muid tar éis ‘braislí logainmneacha’ a aithint sa bhunachar. Is fearr a léiríonn na braislí seo an dóigh a smaoiníonn daoine faoi ‘áiteanna’ ar nós ‘Dún na nGall’, mar shampla. Ní smaoiníonn daoine, de ghnáth, ar an idirdhealú idir na haonaid éagsúla riaracháin ar a dtugtar ‘Dún na nGall (.i. an contae, an baile, an baile fearainn agus an toghroinn), agus atá cláraithe mar oibiachtaí ar leith sa bhunachar logainmneacha. Smaoiníonn siad ar áit amháin, ‘Dún na nGall’. Déanann an struchtúr nua sonraí logainmneacha braislithe a ghrúpáil agus léiríonn sé iad ar bhealach níos soláimhsithe.”

Cuireann léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) go mór leis an leagan nua den suíomh, áit a bhfuil fáil anois ar na leaganacha Gaeilge agus Béarla den tseirbhís ghréasáin léarscáilíochta, MapGenie. Is táirge léarscáilíochta úrnua é an leagan Gaeilge, MapGenie Éire. Úsáideann sé sonraí léarscáilíochta ó OSi agus na leaganacha oifigiúla Gaeilge de na logainmneacha ó Bhunachar Logainmneacha na hÉireann. Dar le Príomhfheidhmeannach OSi, Colin Bray, “Tháinig ann do MapGenie Éire mar gheall ar chomhoibriú idir Fiontar DCU, an Brainse Logainmneacha, agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Tá na trí eagraíocht ag obair le chéile ó 2010 chun sonraí an Bhrainse Logainmneacha a nascadh le sonraí OSi. Chuir sé sin ar chumas OSi leagan Gaeilge de MapGenie a chruthú bunaithe ar eolas logainmníochta ón mBrainse Logainmneacha. Bhí uasdátú ar MapGenie i gceist chomh maith atá anois suite ar infreastruchtúr athléimneach néalbhunaithe. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach sa tionscadal ríthábhachtach seo.”

Ag fáiltiú roimh an suíomh nua, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD: “Tá an-obair déanta ag an Bhrainse Logainmneacha i gcomhar le Fiontar (DCU) ó seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann ar líne i 2008. Is áis íontach don phobal atá ann, a spreagann spéis i Logainmneacha na hÉireann, atá mar chuid an-uathúil d’oidhreacht na tíre. Tá lúcháir orm go bhfuil an suíomh ag dul i bhfeabhas i gcónaí, agus is dul chun cinn mór é an comhoibriú atá ar bun le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, atá ag cur léarscáileanna nua Gaeilge agus Béarla ar fáil don suíomh. Tréaslaím leis na rannpháirtithe go léir as ucht a ndiansaothair ar an tionscadal seo.”