Fiontar

Polasaí Gaeilge Fiontar

Ghriangraif Fiontar

  • Déantar teagasc FIONTAR ar fad trí mheán na Gaeilge.
  • Úsáidtear an Ghaeilge i gcónaí i nótaí ranga agus i léaráidí Powerpoint agus eile a úsáidtear sa seomra ranga.
  • Freagraítear páipéir scrúdaithe i nGaeilge muna socraítear a mhalairt.
  • Déantar an mheastóireacht leanúnach trí mheán na Gaeilge mura socraítear a mhalairt.
  • Beidh sé de dhiscréid ag léachtóir suas le 20% de mharcanna measúnachta nó scrúdaithe a bhaint, nó gan glacadh le hobair, de bharr dothuigtheachta nó easpa gairmiúlachta.
  • Tá sé de pholasaí ag FIONTAR chomh maith a chinntiú go dtugann na mic léinn cuairteanna rialta ar an nGaeltacht. Ní mór do mhic léinn tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.
  • Cuirtear ríomhlanna ar leith ar fáil do mhic léinn Fiontar ar an tuiscint go bhfuil polasaí Gaeilge na scoile á chur i bhfeidhm acu go leanúnach.