Fiontar

English Version

Taighde ag Leibhéal na Scoile

Déanann foireann Fiontar taighde nuálaíoch idirdhisciplíneach i réimse leathan ábhar a nascann an Ghaeilge le saincheisteanna comhaimseartha; le gnó agus bainistíocht; agus le teicneolaíocht faisnéise. I measc na dtionscadal sonrach tá an obair ar focal.ie agus ar logainm.ie agus taighde pearsanta gach léachtóir. Tá taithí leathan ag an Scoil agus ag léachtóirí na Scoile ar a bheith ag obair ar thaighde i bpáirt le heagrais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is féidir le mic léinn tabhairt faoi thaighde iarchéime ag leibhéal MA nó PhD in aon cheann de na réimsí sainspéise atá ag foireann na Scoile.


Na Daonnachtaí Digiteacha

Tá obair cheannródaíoch ar siúl ag Fiontar i réimse na n-acmhainní leictreonacha don Ghaeilge, go háirithe téarmaíocht agus logainmneacha: Focal, Logainm, agus LEX. Tá na tionscadail seo fréamhaithe in úsáid acmhainní digiteacha ar nós bunachar sonraí, uirlisí idirlín agus corpais, le hábhar téarmeolaíochta agus logainmníochta a chur ar fáil do thaighdeoirí agus do phobal na Gaeilge go forleathan. Déantar na hacmhainní seo a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta le maoiniú náisiúnta agus Eorpach. Tá buíon taighdeoirí ag obair ar na tionscadail seo sna réimsí seo a leanas: téarmeolaíocht (eagarthóireacht, forbairt acmhainní oideachais, srl.) agus teicneolaíocht (forbairt uirlisí idirlín, modhanna cuardaigh, bunachair, léarscáileanna, srl.).

Logainm.ie, Focal.ie agus Ainm.ie

Rinne Fiontar forbairt ar an mbunachar náisiúnta téarmaíochta agus ar bhunachar logainmneacha na hÉireann. Tá aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an obair seo. Bhuaigh focal.ie an duais ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’ ag na Irish Web Awards 2008; agus an Duais Eorpach do Theangacha, An Lipéad Teanga, in 2007. Tá os cionn 300,000 téarma in focal.ie agus déantar suas le 680,000 cuardach sa mhí ar an suíomh. Tá 100,000 logainm, chomh maith le taifid fuaime, agus íomhánna scanta ar logainm.ie. Tá tuilleadh eolais faoi na tionscadail seo ar fáil ag:logainm.ie, focal.ie agus ainm.ie. Bíonn deis ag mic léinn triú leibhéal tréimhsí taithí oibre a dhéanamh ar thionscadail Fiontar.

Tionscadal LEX

Tá Fiontar freagrach as forbairt na dtéarmaí Gaeilge do bhunachar téarmaí an AE, iate.europa.eu, bunachar poiblí ina bhfuil tuairim is 9 milliún téarma sna 23 teanga oifigiúil. Is é sprioc an dara gné de thionscadal LEX na téarmaí dlí agus reachtaíochta atá ar fáil i nGaeilge a chur ar fáil don phobal ar focal.ie.


Taighde Coimisiúnaithe

Plean 2028 - Plean 20 Bliain don Ghaeilge

Cheap an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Fiontar le comhairle a chur ar fáil dóibh agus iad i mbun dhréachtadh na straitéise i ndiaidh iarratais phoiblí ar thairiscintí. Bhí an grúpa comhairle faoi stiúir An Dr Peadar Ó Flatharta. B’iad baill eile an grúpa: An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; An tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff; An tOllamh François Grin, Ollscoil Genève; agus an tOllamh Joseph Lo Bianco, Ollscoil Melbourne. D’fheidhmigh Adelaide Nic Chárthaigh, MBA mar thaighdeoir agus bainisteoir tionscadail ar son Fiontar. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid na Roinne ag deireadh 2008.

Act to Action

Tá Fiontar i gcomhar le Ollscoil Cardiff, agus Åbo Akademi i mbun tionscadal taighde dírithe ar an reachtaíocht teanga in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus sa bhFionlainn. Tá an tionscadal seo ag fáil tacaíocht ó Choimisiún na hEorpa; Foras na Gaeilge; Bord na Breatnaise; Fondúireacht Chultúr na Sualainne sa bhFionlainn (Svenska Kulturfonden); Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; agus an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana.


Sainspéiseanna Léachtóirí Fiontar

Tá taighde ar siúl ag léachtóirí Fiontar sna réimsí ginearálta thíosluaite, agus tá maoiniú taighde faighte acu ó na heagrais seo a leanas: An Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta; An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta; An tÚdarás um Ard-Oideachas; Coimisiún na hEorpa; Coiste Taighde DCU; COGG; Comhairle Cheanada um Thaighde sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Dána; Foras na Gaeilge; agus Údarás na Gaeltachta. Tugann próifílí pearsanta na léachtóirí léargas maith ar an taighde a bhíonn ar siúl acu:

Airgeadas
Daonnachtaí digiteacha na Gaeilge
Fiontraíocht
Foilsitheoireacht na Gaeilge
Fóineolaíocht na Gaeilge
Forbairt na Gaeltachta
Nuálaíocht agus teicneolaíocht san oideachas
Pleanáil teanga
Staidéar ar eagraíochtaí agus institúidí
Téarmeolaíocht

Triantán Fiontar

Ballraíocht Phroifisiúnta

Tá ionadaíocht ag baill foirne de chuid Fiontar sna heagrais seo a leanas:

Acadamh Ríoga na hÉireann
Acadamh Bainistíochta na hÉireann
An Coiste Téarmaíochta
Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán
Bord Stiúrtha Fhoras na Gaeilge
INTRE – Gréasán na hÉireann de Thaighdeoirí agus de Mhúinteoirí Fiontraíochta


Mic Léinn Taighde

Fáiltíonn Fiontar riomh iarratais ó chéimithe i ndisciplíní éagsúla ar mian leo tabhairt faoi thaighde in aon cheann de na réimsí thuasluaite. I measc na ndisciplíní as ar tháinig mic léinn iarchéime Fiontar tá: airgeadas, gnó, litríocht, oideachas, polaitíocht, socheolaíocht, stair, teangacha, teangeolaíocht agus teicneolaíocht faisnéise. Moltar do chéimithe ar suim leo taighde a dhéanamh in Fiontar, staidéar a dhéanamh ar réimsí taighde na léachtóirí, agus teagmháil a dhéanamh leis na léachtóirí cuí nó le Stiúrthóir na Scoile. Tá breis eolais ar fáil do mhic léinn taighde in DCU ón Oifig um Thaighde Iarchéime. Bíonn deis ag mic léinn a thugann faoin MA sa Chleachtas Dátheangach nó an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais miontráchtas a scríobh ar ábhar dá rogha féin a bhaineann leis an gcéim.