Duais buaite ag Dúchas.ie
Ronan Doherty agus Úna Bhreathnach (Fiontar & Scoil na Gaeilge) ag freastal ar shearmanas bronnta eir Spiders le déanaí.

Gradam eir Spiders buaite ag dúchas.ie

Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne.

Eir Spider 

Ainmníodh suíomh úr dúchas.ie, a seoladh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2017, le haghaidh na duaise don Suíomh Gaeilge is Fearr. Tugtar aitheantas “do shuíomh, ardán, tionscadal nó feachtas a léiríonn nuálaíocht agus intleachtacht i réimse na teanga” sa chatagóir seo.

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun sa bhliain 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan, Leabharlann Dhigiteach UCD, agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in DCU. Tá gliondar croí ar an bhfoireann ar fad a bhíonn ag obair go díograiseach ar an tionscadal suimiúil seo. Caith súil ar an Suíomh Gaeilge is Fearr don bhliain 2017 anseo!