Ag an ócáid
Ag an ócáid

Fáilitú in onóir don Scríbhneoir Cónaithe

Fáilitú in onóir don Scríbhneoir Cónaithe, an File Dairena Ní Chinnéide

Chuir Fiontar & Scoil na Gaeilge fáilte chroíúil roimh Scríbhneoir Cónaithe nua-cheaptha na hOllscoile, an file gradamúil, Dairena Ní Chinnéide, ag ócáid filíochta ina honóir ar an Chéadaoin 22 Samhain ag am lóin sa seomra caidrimh D110 ar Champus Phádraig, DCU.

Léigh Dairena dánta dá cuid agus bhí ceol cláirsí ann leis an cheoltóir aitheanta agus ball foirne in Fiontar & Scoil na Gaeilge, an Dr Síle Denvir. Léigh an file Caitríona Ní Chléirchín cuid dá dánta chomh maith.

Ba léir go ndeachaigh léamh Dhairena go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta agus gur bhain siad an-sult as an ócáid, idir cheol agus fhilíocht. Deis iontach a bhí ann casadh leis an scríbhneoir cónaithe don chéad uair agus fáilte a chur roimpi agus éisteacht le ceol binn ó Shíle Denvir.