Comhdháil i bPrág
Foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge i bPrág

Comhdháil Idirnáisiúnta i bPrág

 

‘Ar an Imeall i Lár an Domhain: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa’ téama na comhdhála, agus mheall an téama sin breis agus seasca tairiscint páipéir, sa chaoi gurbh í seo an chomhdháil ba mhó riamh a eagraíodh trí Ghaeilge taobh amuigh d’Éirinn. Bhí an Dr Pádraig Ó Liathain (Ball Comhlach d'Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais) agus an tOllamh Máirín Nic Eoin, ó Fiontar agus Scoil na Gaeilge, ar an gcoiste eagraithe. Bhí deichniúr i láthair ó DCU, mar aon le scoláirí ó bhreis is deich n-institiúid ardléinn ar oileán na hÉireann, chomh maith le scoláirí Seiceacha, agus léachtóirí atá lonnaithe in ollscoileanna sa Fhrainc, san Fhionlainn, sa Pholainn agus i Meiriceá Thuaidh. 

 

Gné shuaithinseach de chuid na comhdhála ba ea an léiriú a tugadh ar ildisciplíneacht léann na Gaeilge mar atá sé á chleachtadh anois in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Caitheadh solas ar raon ilghnéitheach réimsí scoláireachta: an teangeolaíocht fheidhmeach, an chritic liteartha agus chultúir, léann na himirce, an pholaitíocht, cúrsaí oideachais, na daonnachtaí digiteacha, léann na lámhscríbhinní, stair na litríochta, léann an bhéaloidis agus an taibhléirithe, an litríocht chomparáideach, léann an aistriúcháin.