president's welcome

fáilte go hollscoil chathair bhaile Átha cliath!

French

German

Irish

Japanese

Spanish

Chinese

Arab League

Dr Brian MacCraith

Thar ceann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, idir fhoireann agus mhic léinn, ba mhaith liom fáilte a chur romhat chuig suíomh idirlín na hollscoile.

Dála ollscoileanna eile, láthair foghlama is ea OCBÁC, ina ndéanann gach ball de phobal an champais, foireann agus mic léinn araon, eolas a chruinniú agus scileanna a shealbhú. Agus an saol ag athrú go tapa, áfach, ní mar a chéile gach ollscoil agus tá éagsúlacht ag fás idir misean na n-institiúidí sin. Fócas uathúil atá ag OCBÁC: cuireann sí roimpi foghlaim ar ardchaighdeán agus ar ardluach a fhorbairt i gcomhthéacs riachtanais eacnamaíocha agus sóisialta na hÉireann. Cinntíonn sí go bhfaigheann na mic léinn taithí dhíreach ar chúrsaí tionsclaíochta agus ar ionaid oibre eile, agus soláthraíonn sí na háiseanna agus an teicneolaíocht is déanaí le cinntiú go bhfuil gach duine acu ullamh le bheith ina cheannródaí i réimse ar bith lena mbainfidh siad amach anseo.

Cúis bróid do OCBÁC go ndearbhaíonn fostóirí, arís agus arís eile, gurb iad céimithe OCBÁC an rogha is ansa leo agus iad ar thóir lucht gaisce an lae amáraigh.

Institiúid mhór taighde is ea OCBÁC, a bhfuil aitheantas aici ar fud an domhain ar shaothar a príomhthaighdeoirí agus a gcuid meithleacha. Tá maoiniú caipitil substaintiúil bronnta ag an stát agus ag infheisteoirí príobháideacha ar cheithre cinn dá lárionaid agus institiúidí taighde, á gcumasú chun ceannaireacht a thabhairt ag leibhéal domhanda. Tugann gach ceann de scoileanna acadúla OCBÁC faoi thaighde ag an leibhéal is airde agus is nuálaí.

Tá an ollscoil seo meáite chomh maith ar fhorbairt níos mó a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí tráchtála, le béim níos mó ar aistriú teicneolaíochta agus ar bhunú chomhlachtaí campais, a bhaineann sochar as fionnachtana agus scileanna phobal an champais. Tá an tráchtálú seo bunaithe i gcomhthéacs clár gníomhach sóisialta, ina bhfuil páirt ghníomhach ag OCBÁC in athnuachan shóisialta forbartha agus i gcothú luachanna eiticiúla i sochaí an lae inniu.

Mar fhocal scoir, ón mbliain 2002 ar aghaidh, beidh OCBÁC ina lárionad tábhachtach do na healaíona léirithe. Osclófar ionad ealaíon ar ball i mbliana, ina mbeidh an halla coirme is mó sa tír, amharclann mhór, amharclann thriaileach chomh maith le háiseanna agus láithreáin eile do shaothrú na n-ealaíon.

Tá aitheantas faighte ag OCBÁC mar cheann de na hinstitiúidí ard-oideachais is suimiúla sa stát. Tá súil agam go bhfaighidh tú blas de seo ar ár leathanaigh idirlín. Dóibh siúd a thiocfaidh chun na hollscoil

Professor Brian MacCraith
President