DCU News
News at DCU
Comhairle nua fógartha do RTÉ Raidió na Gaeltachta
Comhairle nua fógartha do RTÉ Raidió na Gaeltachta

Comhairle nua fógartha do RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Comhairle nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is í Siobhán Seoighe a bheidh ina cathaoirleach air.

Deichniúr atá ceaptha ar an gComhairle, agus beidh ionadaí foirne amháin freisin, is é sin Colm Ó Dúlacháin.

Is iad baill an Chomhairle: Siobhán Seoighe (Cathaoirleach), Mícheál S. Mac Donnacha, Joe Mac Suibhne, Mairéad Ní Nuadháin, Cillian de Búrca, Seosamhín Breathnach, Gearóid Ó Smóláin, Michelle Mhic Suibhne, Seosaimhín Mhic Gionntaigh agus Aodán Mac Gearailt. Bhí próiseas nua in úsáid leis an gComhairle seo a cheapadh, agus den chéad uair bhí cuireadh oscailte tugtha don phobal spéis a léiriú i bheith ina mbaill.

Roimhe seo is próiseas ainmniúcháin a bhíodh ann.

Dúirt Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha.

“Thuig muid ariamh go raibh an-spéis ag an bpobal in obair na seirbhíse seo, agus go raibh tuairimí láidre acu ina leith, agus tá muid sásta anois go bhfuil deis tugtha dóibh siúd a léirigh spéis ann a bheith páirteach san obair a dhéanann muid tríd an ról a bheidh acu ar an gComhairle.

Tá taithí, saineolas agus scileanna ag na baill a chuideoidh go mór linn san obair thábhachtach atá le cur i gcrích againn le chéile san trí bliana seo romhainn.”

Is í an fheidhm atá ag an gComhairle ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht éisteachta na seirbhíse, agus dá réir comhairle ar a chur ar bhainistíocht RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta i dtaobh fís na seirbhíse, luachanna, tosaíochtaí straitéiseacha agus pleanáil, chomh maith le léirmheas a dhéanamh ar an gcraoladh agus ar sholáthar na seirbhíse.

Beidh sé ag feidhmiú ar feadh tréimhse trí bliana. Beidh a gcéad chruinniú ag an gComhairle nua ar 7 Iúil i gCasla.

New Advisory Council announced for RTÉ Raidió na Gaeltachta

RTÉ Raidió na Gaeltachta has announced a new advisory council for the station, to be chaired by Siobhán Seoighe.

The council will have ten members, as well as one staff representative, Colm Ó Dúlacháin from the station’s Doirí Beaga studio in Donegal.

Members of the council are: Siobhán Seoighe (Chair), Mícheál S. Mac Donnacha, Joe Mac Suibhne, Mairéad Ní Nuadháin, Cillian de Búrca, Máire Seosaimhín Breathnach, Gearóid Ó Smoláin, Michelle Mhic Suibhne, Seosaimhín Mhic Gionntaigh and Aodán Mac Gearailt.

Chairperson Siobhán Seoighe is from the Ráth Cairn Gaeltacht i Co. Meath and brings a wide range of experience to the council.

She is currently Irish-Language Officer in DCU, and previous to that she worked as a Business Development Manager with Gaelchultúr, as Event Manager for Rith Teo and as an executive with An Foras Patrúnachta.

She has been a member of the RTÉ Raidió na Gaeltachta council since 2013, and she was appointed as a member of the board of Údarás na Gaeltachta, the Gaeltacht development authority, in 2015.

The council represents the listenership and acts in an advisory capacity to RTÉ Raidió na Gaeltachta management on matters concerning mission, values, strategic priorities and planning, as well as reviewing service quality.

The council will be in place for three years.