Fiontar

MA sa Ghaeilge (Acmhainní Teanga) (PAC Code: DC638)

Fact File

Fad: 2 Years / 2 Bhliain
Teagmháil: Dr Peadar Ó Flatharta
Fee informationClick Here
Indicative Timetable(Weeks 20-31)

Léargas ar an gClár:

Forbraíodh an clár seo chun tacú leis an earnáil phoiblí agus le gnólachtaí príobháideachta teanga trí chéimithe a oiliúint chun acmhainní teanga Gaeilge a fhorbairt a bheidh ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr. Díríonn an clár ar eolas agus scileanna teanga na gcéimithe a bheachtú le cur ar a gcumas acmhainní agus tionscadail teanga a fhorbairt agus a bhainistiú. Gheobhaidh rannpháirithe tuiscint ar úsáid theicneolaíocht na faisnéise agus an Idirlín le hacmhainní teanga a bhainistiú agus a scaipeadh.

Tá gach gné den chlár fréamhaithe i gcomhthéacs na feasachta teanga; pleanáil, polasaí agus reachtaíocht teanga san áireamh. Leagtar amach na céimeanna praiticiúla atá de dhíth chun riachtanais reachtúla a chomhlíonadh maidir le soláthar acmhainní teanga go náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh. Gné lárnach d'fhealsúnacht an chláir seo is ea tuiscint a chothú ar na himpleachtaí agus ar na freagrachtaí a bhaineann leis an bpleanáil teanga chomh maith leis an duine aonair a chumasú le ceisteanna comhaimseartha teanga a phlé ar bhonn criticiúil.

Sa chlár seo, gheobhaidh fostaithe reatha agus féideartha san earnáil phoiblí, phríobháideach nó dheonach creat teoiriciúil agus scileanna praiticiúla teanga chun inniúlacht a fhorbairt sa réimse seo. Bainfidh rannpháirtithe an chláir tairbhe as taithí aitheanta na Scoile maidir le forbairt réimse na ndaonnachtaí digiteacha sa Ghaeilge. Tá cáil idirnáisiúnta agus náisiúnta ar obair na Scoile sa réimse seo, go háirithe as acmhainní ar nós focal.ie agus logainm.ie.

Struchtúr modúlach atá ar an gclár. Clár teagasctha páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chlár MA. Tá dhá sheimeastar sa bhliain acadúil. De ghnáth, is gá freastal ar an ollscoil féin 8 - 9 deireadh seachtaine in aghaidh na bliana. Soláthraítear cuid den ábhar ar líne trí Moodle, an córas foghlama ar líne atá ag DCU. Táthar ag súil go gcuirfidh an modh seachadta seo leis an éileamh ar an gcúrsa agus go ndéanfaidh sé freastal ar rannpháirtithe neamhspleách ar chonstaicí ama nó suímh.

Cláróidh iarrthóirí ar dtús don MA sa Ghaeilge. In aon bhliain faoi leith beidh Bliain A nó Bliain B ar fáil do mhic léinn. Gheobhaidh céimithe, a phasálann modúil arb ionann iad agus luach 30 creidiúint d''obair bliana acadúla agus a roghnaíonn gan dul chun cinn, Teastas do Chéimithe. Bronnfar Dioplóma do Chéimithe ar mhic léinn a phasálann 60 creidiúint/clár oibre dhá bhliain acadúil agus nach dtéann ar aghaidh le tabhairt faoin tráchtas. Bronnfar an Mháistreacht orthu siúd a chríochnaíonn an clár teagasctha agus an tráchtas (ca. 15,000 focal) go sásúil. Bíonn an mheasúnacht sa Teastas/Dioplóma do Chéimithe bunaithe ar thascanna agus ar thionscadail. Ní bhíonn scrúduithe foirmiúla ann ag deireadh seimeastair.

Cúig chúis mhaithe leis an MA sa Ghaeilge (Acmhainní Teanga) a dhéanamh:

  • Chun ardscileanna teanga agus eolas ar bhainistíocht acmhainní teanga a fhorbairt.
  • Chun saincheisteanna agus mórthreochtaí i mbainistíocht acmhainní teanga a aithint agus a fhiosrú.
  • Chun tabhairt faoi thionscadail ábhartha, dhúshlánacha agus phraiticiúla a bhaineann le hacmhainní digiteacha agus téarmeolaíochta na Gaeilge.
  • Chun dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm féin nó i réimse leathan gairmeacha teangabhunaithe in Éirinn agus san Aontas Eorpach.
  • Chun taithí oibre luachmhar a fháil agus do chumas taighde a léiriú trí thráchtas nuálaíoch a chur le chéile.

Deiseanna Gairme:

Ar chríochnú an chúrsa seo beidh deiseanna i réimse leathan gairmeacha i gcomhlachtaí príobháideacha agus in eagrais phoiblí, cuid acu ag baint leis an nGaeilge m.sh forbróir acmhainní teanga, taighdeoir teanga, cúntóir eagarthóireachta nó téarmeolaíochta.

Riachtanais Iontrála:

Glactar le 10-12 iarrthóir gach bliain ar chlár Bhliain A nó ar Bhliain B mar is cuí. Beidh bunchéim onóracha ag iarrthóirí de ghnáth (ní gá gur sa Ghaeilge a bheadh sí) nó beidh a comhionann acu tri fhoghlaim agus trí thaithí oibre ábhartha roimhe sin (thart ar thri bliana). ag teacht le gnáthriachtanais na hOllscoile. Tá leibhéal sásúil líofachta agus cruinnis sa Ghaeilge riachtanach (thart ar Leibhéal Ardteistiméireachta Onóracha), rud a mheasfar trí agallamh. Sula dtairgfear áiteanna ar an gcúrsa d'fhéadfadh go mbeadh ar iarrthóóirí tasc beag scríofa a chomhlíonadh freisin.

EU Applicants

Apply online through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/) by 31st July 2012.

Non-EU Applicants

Apply online through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/) by 15th July 2012.

Applying through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/)

When applying for this programme use the PAC code DC628.

Queries on completed applications

Queries on completed applications can be made by e-mail to registry.pac@dcu.ie.

Liosta iomlán céimeanna >
Full list of degrees >

Fee information

Indicative Timetable
(Weeks 20-31)