Registry
Module Specifications
Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Aidhmeanna an Mhodúil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Déanann an mhodúl seo eolas a thabhairt do mhac léinn ar phríomhchórais eacnamaíochta agus polaitíochta. Cuirtear bunteoiricí micreacnamaíochta agus maicreacnamaíochta i láthair an mhic leinn, ag baint úsáide as samplaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tugtar léargas ar chórais polaitíochta an lae inniu atá i bhfeidhm ar fud na cruinne. Déantar forbairt ar chumas taighde agus ar scileanna scríofa aistí. Táthar ag súil go bhfreastalóidh an mac léinn ar léachtanna, go nglacfaidh an mac léinn páirt i seimineáir, agus go rachaidh an mac léinn i ngleic le gníomhaíochtaí ríomhfhoghlama ar bhonn rialta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Torthaí na Foghlama | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Cur síos a dhéanamh ar bhunchoincheapa eacnamaíochta agus ar chórais polaitíochta éagsúla 2. Anailís a dhéanamh ar chúlra agus ar chomhdhéanamh gheilleagar nua-aimseartha na hÉireann, an córas polaitíochta, agus an gaol atá eatarthu. 3. Taighde agus díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha eacnamaíochta agus polaitíochta 4. Argóintí a chruthú, a fhorbairt agus a chosaint, agus aiste acadúil a scríobh ar ábhar a bhaineann leis an modúl seo 5. Measúnú a dhéanamh ar réitigh eacnamaíochta agus polaitiúla do shaincheisteanna reatha | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Siollabas táscach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Bunchoincheapa eacnamaíochta. Buncoincheapa micreaeacnamaíochta agus maicreaeacnamaíochta: Soláthar agus éileamh, cothromaíocht, leaisteachas, idirghabháil rialtais, olltáirge intíre, boilsciú, fostaíocht, srl.. Córais eacnamaíochta. Eacnamaíocht nua-chlasaiceach; Cur chuige Céinseach; Airgeadaíochas agus scoil Siceagó; Caipitleachas; Cumannachas.. Modhanna rialúcháin. Faisisteachas; Ainrialachas; Sóisialachas; Feimineachas; Tuilleamhlathas; Daonlathas; Monarcacht; Deachtóireacht.. Saincheisteanna an lae inniu. Domhandú; An timthriall ghnó agus géarchéimeanna eacnamaíochta; "Córais Eacnamaíochta agus Polaitíochta: Foinse an tSaibhris nó Cúis Gach Uile Fhadhb?". | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Liosta léitheoireachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Other Resources | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Array | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Clár nó Liosta Clár | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GG | BA Gnó agus Gaeilge | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GI | BA Gaeilge agus Iriseoireacht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Timetable this semester: Timetable for FN134 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta an athbhreithnithe dheiridh | 24-AUG-11 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Archives: |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||









