Registry
Module Specifications
Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Aidhmeanna an Mhodúil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Is é aidhm an mhodúil seo ná léargas a thabhairt do mhic léinn ar bhainistíocht acmhainní daonna agus ar an dúshlán atá i saol oibre na linne seo d'fhostóirí, do bhainisteoirí, d'fhostaithe agus d'fhiontraithe. Gheobhaidh mic léinn léargas freisin ar na saincheisteanna a bhaineann le caidreamh tionscail in Éirinn. Foghlaimeoidh mic léinn mar gheall ar phríomhchoincheapa na bainistíochta acmhainní daonna agus conas iad a chur i bhfeidhm i gcásanna ar leith. Beidh orthu rólghlacadh a dhéanamh in idirbheartaíocht, in earcú agus forbairt foirne, ó thaobh an fhostóra agus an fhostaí de. Beidh ar mhic léinn réamhobair a dhéanamh do gach léacht agus seimineár. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Torthaí na Foghlama | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Na saincheisteanna reatha i ndisciplín bhainistíocht acmhainní daonna a mhíniú agus a chur i gcomparáid. 2. An litríocht chuí sa disciplín a aithint agus a chur i bhfeidhm le ceisteanna bainistíocht acmhainní daonna i samplaí ar leith a réiteach. 3. Comparáid a dhéanamh idir an dá thaobh i bpróiseas idirbheartaíochta agus páirt eolasach a ghlacadh sa phróiseas úd. 4. Anailís a dhéanamh ar phróiseas earcaíochta agus forbartha foirne. 5. Na dúshláin a bhaineann le polasaithe agus cleachtais don bhainistíocht acmhainní daonna a aithint agus a shárú. Conas polasaithe den t-saghas seo a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. 6. Sonrú agus tomhas a dhéanamh ar inniúlachtaí 7. Tábhacht sláinte agus sabháilteacht san ionad oibre a aithint agus na dea-chleachtais ábhartha a mhíniú | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Siollabas táscach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teoiricí agus ról na bainistíochta acmhainní daonna. Stair, forás agus príomh-shaincheisteanna na bainistíochta acmhainní daonna. Earcú, roghnú, forbairt agus measúnú foirne. Dea-chleachtas in earcú, roghnú, forbairt agus measúnú foirne san earnáil phríobháideach agus phoiblí. Caidreamh tionscail. Caidreamh tionscail in Éirinn - cleachtais agus geallshealbhóirí - ceardchumainn, fostóirí agus an rialtas. Idirbheartaíocht. Idirbheartaíocht tionscail i ngach réimse den bhainistíocht acmhainní daonna. Straitéis agus Acmhainní Daonna. Ról acmhainní daonna i bhforbairt straitéise. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Liosta léitheoireachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Other Resources | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Array | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Clár nó Liosta Clár | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GG | BA Gnó agus Gaeilge | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Timetable this semester: Timetable for FN229 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta an athbhreithnithe dheiridh | 27-JAN-12 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Archives: |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||









