Registry
Module Specifications
Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Aidhmeanna an Mhodúil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá trí ghné d’obair na téarmeolaíochta i gceist: teoiric na téarmeolaíochta, an Ghaeilge agus an téarmeolaíocht, agus an téarmeolaíocht phraiticiúil.Teoiric na téarmeolaíochta:Tabharfar léargas ar staid agus ar theoiric idirnáisiúnta sa disciplín laistigh de phleanáil chorpas teanga. Pléifear pleanáil, taighde, caighdeánú, dáileadh, agus ionphlandú, le samplaí as tíortha eile.An Ghaeilge agus an téarmeolaíocht:Tabharfar léargas stairiúil ar fhorbairt na téarmaíochta don Ghaeilge, agus díreofar ar na struchtúir riaracháin agus acadúla don obair sin. Breathnófar ar mhodheolaíocht na téarmeolaíochta don Ghaeilge, idir chleachtais chumtha téarmaí agus forbairt réimsí agus bailiúchán áirithe. Pléifear tionscadail éagsúla téarmeolaíochta, go háirithe na tionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta atá faoi stiúir Fiontar.An téarmeolaíocht phraiticiúilDéanfar obair phraiticiúil ar an téarmeolaíocht agus tabharfar traenáil ar úsáid áiseanna taighde ar nós bunachair téarmaíochta, corpais, agus cuimhní aistriúcháin. Déanfar taighde samplach ar bhaisc téarmaí. Tabharfar tuiscint ar cheartúsáid na téarmaíochta in obair aistriúcháin agus scríbhneoireachta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Torthaí na Foghlama | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Bunchoincheapa na téarmeolaíochta a mhíniú (msh. coincheap, struchtúr coincheapa, téarma, téarmeolaíocht, sainmhíniú). 2. Léargas stairiúil agus comhaimseartha a thabhairt ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta i gcás na Gaeilge, agus plé a dhéanamh ar na sainchonstaicí sochtheangeolaíocha agus eile a bhain/a bhaineann leis an obair sin. 3. Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh ar bhaisc téarmaí, ag úsáid áiseanna taighde le sainmhíniú a scríobh, struchtúr coincheapa a leagan amach agus dréachtmholtaí a dhéanamh i leith téarmaí. 4. Idirdhealú a dhéanamh ar an saintéarmaíocht chuí bunaithe ar an dtaighde 5. Buneagar a chur ar théacs | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Siollabas táscach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teoiric na téarmeolaíochta. Staidéar ar na bunchoincheapa a bhaineann léi (téarma vs focal, coincheap, sainmhíniú, srl). Pleanáil chorpais agus ionad na téarmeolaíochta laistigh de sin. Tuiscint ar an bpleanáil corpais mar chuid den phleanáil teanga; eolas faoi theangacha eile agus na saincheisteanna a bhaineann le pleanáil corpais.. Téarmeolaíocht na Gaeilge: cúlra. Cúlra stairiúil agus sochtheangeolaíochta. Téarmeolaíocht na Gaeilge: áiseanna. Iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí leictreonacha agus foinsí clóite. Ceartúsáid bunachar téarmaíochta agus foclóir.. Modhanna oibre na téarmeolaíochta. Buneolas ar na modhanna taighde (bunachair sonraí; foilsiú ar líne; taighde corpais; scríobh sainmhínithe). An téarmeolaíocht agus an eagarthóireacht. Úsáid cheart na téarmaíochta agus cáipéisí á scríobh nó á gcur in eagar.. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Liosta léitheoireachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Other Resources | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Array | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Clár nó Liosta Clár | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ALISI | BA in Applied Languages & Intercultural | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ALIST | BA in Applied Language and Intercultural | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GG | BA Gnó agus Gaeilge | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GI | BA Gaeilge agus Iriseoireacht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Timetable this semester: Timetable for FN246 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta an athbhreithnithe dheiridh | 16-DEC-09 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Archives: |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||









