Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Téarmeolaíocht na Gaeilge
Cód an Mhodúil FN246A
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Comhordaitheoir an MhodúilSemester 1: Una Bhreathnach
Semester 2: Una Bhreathnach
Autumn: Una Bhreathnach
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 5
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Tá trí ghné d’obair na téarmeolaíochta i gceist: teoiric na téarmeolaíochta, an Ghaeilge agus an téarmeolaíocht, agus an téarmeolaíocht phraiticiúil.Teoiric na téarmeolaíochta:Tabharfar léargas ar staid agus ar theoiric idirnáisiúnta sa disciplín laistigh de phleanáil chorpas teanga. Pléifear pleanáil, taighde, caighdeánú, dáileadh, agus ionphlandú, le samplaí as tíortha eile.An Ghaeilge agus an téarmeolaíocht:Tabharfar léargas stairiúil ar fhorbairt na téarmaíochta don Ghaeilge, agus díreofar ar na struchtúir riaracháin agus acadúla don obair sin. Breathnófar ar mhodheolaíocht na téarmeolaíochta don Ghaeilge, idir chleachtais chumtha téarmaí agus forbairt réimsí agus bailiúchán áirithe. Pléifear tionscadail éagsúla téarmeolaíochta, go háirithe na tionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta atá faoi stiúir Fiontar.An téarmeolaíocht phraiticiúilDéanfar obair phraiticiúil ar an téarmeolaíocht agus tabharfar traenáil ar úsáid áiseanna taighde ar nós bunachair téarmaíochta, corpais, agus cuimhní aistriúcháin. Déanfar taighde samplach ar bhaisc téarmaí. Tabharfar tuiscint ar cheartúsáid na téarmaíochta in obair aistriúcháin agus scríbhneoireachta.

Torthaí na Foghlama
1. Bunchoincheapa na téarmeolaíochta a mhíniú (msh. coincheap, struchtúr coincheapa, téarma, téarmeolaíocht, sainmhíniú).
2. Léargas stairiúil agus comhaimseartha a thabhairt ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta i gcás na Gaeilge, agus plé a dhéanamh ar na sainchonstaicí sochtheangeolaíocha agus eile a bhain/a bhaineann leis an obair sin.
3. Taighde téarmeolaíochta a dhéanamh ar bhaisc téarmaí, ag úsáid áiseanna taighde le sainmhíniú a scríobh, struchtúr coincheapa a leagan amach agus dréachtmholtaí a dhéanamh i leith téarmaí.
4. Idirdhealú a dhéanamh ar an saintéarmaíocht chuí bunaithe ar an dtaighde
5. Buneagar a chur ar théacs



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture24Léachtanna
Independent learning time51Obair sa leabharlann agus ar líne, machnamh ar an t-ábhar
Group work25Grúpobair
Assignment25Ullmhúchán don mheasúnacht
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Teoiric na téarmeolaíochta.
Staidéar ar na bunchoincheapa a bhaineann léi (téarma vs focal, coincheap, sainmhíniú, srl).

Pleanáil chorpais agus ionad na téarmeolaíochta laistigh de sin.
Tuiscint ar an bpleanáil corpais mar chuid den phleanáil teanga; eolas faoi theangacha eile agus na saincheisteanna a bhaineann le pleanáil corpais..

Téarmeolaíocht na Gaeilge: cúlra.
Cúlra stairiúil agus sochtheangeolaíochta.

Téarmeolaíocht na Gaeilge: áiseanna.
Iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí leictreonacha agus foinsí clóite. Ceartúsáid bunachar téarmaíochta agus foclóir..

Modhanna oibre na téarmeolaíochta.
Buneolas ar na modhanna taighde (bunachair sonraí; foilsiú ar líne; taighde corpais; scríobh sainmhínithe).

An téarmeolaíocht agus an eagarthóireacht.
Úsáid cheart na téarmaíochta agus cáipéisí á scríobh nó á gcur in eagar..

Measúnacht
Comhpháirteanna100% Scrúdú deiridh modúil0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Group project Tionscadal cruthú téarmaí i sainréimse spéise50%Week 9
Practical/skills evaluationCóipeagarthóireacht ar shaintéacs25%Week 11
Report (s) (written / oral)Léirmheas/tuairisc ar fhorbairt na foclóireachta agus na téarmeolaíochta25%Week 4
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Mac Lochlainn, A.: 2010, In Ord is in Eagar,
  • Nic Pháidín, C.: 2008, 'Corpus planning for Irish - dictionaries and terminology' in A New View of the Irish Language,
  • Ní Ghallchobhair, F.: 2003, An Téarmaíocht i gComhthéacs (ar líne)., Ar fáil ag: http://www.acmhainn.ie/coiste.htm,
  • Ní Ghearáin, H.: 2008, 'Pobal na Gaeilge agus na dictionary words: Taighde eimpíreach ar an bpleanáil téarmaíochta sa Ghaeilge', Taighde agus teagasc, iml. 6,
  • Nic Pháidín, C. & Bhreathnach, Ú.: 2008, 'Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro', Taighde agus Teagasc, iml. 6,
  • Wright, S.E. & Budin, G. (eag): 1997, Handbook of Terminology Management. Volume I: Basic Aspects of Terminology Management, John Benjamins, Amstardam agus Philadelphia,
  • Suonuuti, H.: 2001, Guide to Terminology, Dara heagrán, TNC, Solna, an tSualainn,
Other Resources
None
Array
Clár nó Liosta Clár
GGBA Gnó agus Gaeilge
Timetable this semester: Timetable for FN246A
Dáta an athbhreithnithe dheiridh05-OCT-10
Archives: