Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Fiontraíocht & Forbairt Gnó
Cód an Mhodúil FN331
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Comhordaitheoir an MhodúilSemester 1: Emer Ni Bhradaigh
Semester 2: Emer Ni Bhradaigh
Autumn: Emer Ni Bhradaigh
Modúil MúinteoirEmer Ni Bhradaigh
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 5
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Is é aidhm an mhodúil seo ná léargas a thabhairt do mhic léinn ar na dúshláin a bhíonn ag fiontraithe agus comhlacht nó eagraíocht nua á bhunú agus á fhorbairt acu, agus na straitéisí cuí le dul i ngleic leis na dúshláin. Gheobhaidh mic léinn léargas freisin ar fhás fiontair agus ar an infhiontraíocht. Gheobhaidh mic léinn taithí ar dheiseanna gnó a aithint agus a thapú. Beidh ar gach mac léinn réamhobair a dhéanamh roimh gach léacht nó seimineár, agus machnamh a dhéanamh ar a (h)iompar fiontraíoch féin. Déanfaidh mic léinn staidéar ar na príomhchoincheapa a bhaineann le teoiric na fiontraíochta, agus cuirfidh said i bhfeidhm iad ar chás-staidéar ar leith.

Torthaí na Foghlama
1. Na príomhghnéithe i ndisciplín na fiontraíochta a roghnú agus a mhíniú.
2. Anailís agus measúnú a dhéanamh ar phróiseas na fiontraíochta agus ar ról an fhiontraí.
3. Teoiricí fiontraíochta a chuir i bhfeidhm go héifeachtach ar chás-staidéir Éireannacha agus idirnáisiúnta.
4. Cur síos a dhéanamh ar na modhanna éagsúla inar féidir brabús nó sochar a bhaint as maoin intleachtúil.
5. Díospóireacht eolasach a dhéanamh ar inmharthanacht tráchtála dheiseanna agus smaointe gnó a gcomhghleacaithe.
6. Scileanna i réiteach fadhbanna a léiriú i gcomhthéacs obair ghrúpa.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture12Léacht
Seminars8Seimineáir
Debate2Díospóireacht le fiontraí­ ar cuairt
Group work2Obair ghrúpa
Assignment30Anailís ar chás-staidéar
Independent learning time71Foghlaim neamhspleách
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Próiseas na fiontraíochta.
Próiseas na fiontraíochta ó aithint deiseanna go tapú deiseanna go fás fiontair.

Teoiricí na fiontraíochta.
Príomhtheoiricí na fiontraíochta, fás agus forbairt an chomhlachta, ról an fhiontraí, ról na fiontraíochta san áireamh.

Plean Gnó.
Na príomhghnéithe i bplean gnó, maoiniú, cuntais, taighde margaidh, dearadh táirge agus straitéis san áireamh.

Tacaíocht d'fhorbairt fiontair.
Tacaíocht bhog agus chrua ón stát agus ó fhoinsí príobháideacha, maoiniú agus comhairle san áireamh.

Maoin Intleachtúil.
Saincheisteanna dlíthiúla agus praiticiúla i dtráchtálú maoine intleachtúla.

Fiontraíocht i gComhthéacsanna Neamhthraidisiúnta.
An fhiontraíocht san earnáil phoiblí agus san earnáil sheachbhrabúsach.

Measúnacht
Comhpháirteanna50% Scrúdú deiridh modúil50%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentAnailís a dhéanamh ar chás-staidéar50%Week 10
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Bridge, Simon, Ken O'Neill & Frank Martin: 2008, Understanding Enterprise, Entrepreneurship and Small Business, 3rd, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9780230552708
  • Deakins, David: 2009, Entrepreneurship and Small Firms, 5th, McGraw Hill, London, 9780077121624
  • Wickham, Philip A: 2006, Strategic Entrepreneurship, 4th, Financial Times Prentice Hall, New York, 9780273706427
  • Rae, David: 2005, Entrepreneurship: from opportunity to action, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9781403941756
  • Bragg, Andrew & Mary Bragg: 2005, Developing New Business Ideas, Pearson Education, Harlow, 9780273663256
  • Bridge, Simon, Brendan Murtagh & Ken O'Neill: 2009, Understanding the Social Economy and the Third Sector, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 978023058131
Other Resources
108, Suíomh Gréasáin, 0, Starting a Business in Ireland, Oak Tree Press, startingabusinessinireland.com,
Array
Clár nó Liosta Clár
GGBA Gnó agus Gaeilge
GIBA Gaeilge agus Iriseoireacht
Timetable this semester: Timetable for FN331
Dáta an athbhreithnithe dheiridh16-DEC-09
Archives: