Registry
Module Specifications
Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Aidhmeanna an Mhodúil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Is é aidhm an mhodúil seo ná léargas a thabhairt do mhic léinn ar na dúshláin a bhíonn ag fiontraithe agus comhlacht nó eagraíocht nua á bhunú agus á fhorbairt acu, agus na straitéisí cuí le dul i ngleic leis na dúshláin. Gheobhaidh mic léinn léargas freisin ar fhás fiontair agus ar an infhiontraíocht. Gheobhaidh mic léinn taithí ar dheiseanna gnó a aithint agus a thapú. Beidh ar gach mac léinn réamhobair a dhéanamh roimh gach léacht nó seimineár, agus machnamh a dhéanamh ar a (h)iompar fiontraíoch féin. Déanfaidh mic léinn staidéar ar na príomhchoincheapa a bhaineann le teoiric na fiontraíochta, agus cuirfidh said i bhfeidhm iad ar chás-staidéar ar leith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Torthaí na Foghlama | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Na príomhghnéithe i ndisciplín na fiontraíochta a roghnú agus a mhíniú. 2. Anailís agus measúnú a dhéanamh ar phróiseas na fiontraíochta agus ar ról an fhiontraí. 3. Teoiricí fiontraíochta a chuir i bhfeidhm go héifeachtach ar chás-staidéir Éireannacha agus idirnáisiúnta. 4. Cur síos a dhéanamh ar na modhanna éagsúla inar féidir brabús nó sochar a bhaint as maoin intleachtúil. 5. Díospóireacht eolasach a dhéanamh ar inmharthanacht tráchtála dheiseanna agus smaointe gnó a gcomhghleacaithe. 6. Scileanna i réiteach fadhbanna a léiriú i gcomhthéacs obair ghrúpa. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Siollabas táscach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Próiseas na fiontraíochta. Próiseas na fiontraíochta ó aithint deiseanna go tapú deiseanna go fás fiontair. Teoiricí na fiontraíochta. Príomhtheoiricí na fiontraíochta, fás agus forbairt an chomhlachta, ról an fhiontraí, ról na fiontraíochta san áireamh. Plean Gnó. Na príomhghnéithe i bplean gnó, maoiniú, cuntais, taighde margaidh, dearadh táirge agus straitéis san áireamh. Tacaíocht d'fhorbairt fiontair. Tacaíocht bhog agus chrua ón stát agus ó fhoinsí príobháideacha, maoiniú agus comhairle san áireamh. Maoin Intleachtúil. Saincheisteanna dlíthiúla agus praiticiúla i dtráchtálú maoine intleachtúla. Fiontraíocht i gComhthéacsanna Neamhthraidisiúnta. An fhiontraíocht san earnáil phoiblí agus san earnáil sheachbhrabúsach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Liosta léitheoireachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Other Resources | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| 203, Suíomh Gréasáin, 0, Starting a Business in Ireland, Oak Tree Press, startingabusinessinireland.com, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Array | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Clár nó Liosta Clár | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GG | BA Gnó agus Gaeilge | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Timetable this semester: Timetable for FN331A | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta an athbhreithnithe dheiridh | 16-DEC-09 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Archives: |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||









