Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Bunú Fiontair
Cód an Mhodúil FN340A
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Comhordaitheoir an MhodúilSemester 1: Mairead Nic Giollamhichil
Semester 2: Mairead Nic Giollamhichil
Autumn: Mairead Nic Giollamhichil
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 15
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Is é bunaidhm an mhodúil seo ná comhtháthú a dhéanamh ar an taithí phraicticiúil agus an stáidéar teoiriciúil sa chlár go dtí seo. Sa mhodúl seo déanfaidh an mac léinn forbairt ar a chuid scileanna agus feasacht fiontraíochta trí dhíriú ar dheis fiontraíochta a aithint agus a fhorbairt.Déanfar é seo trí tháirge nó seirbhís a dhearadh agus a fhorbairt; fiontar nua a shamhaltú nó trí phlean fiontraíochta a fhorbairt d'eagras seachtrach. Forbróidh an mac léinn scileanna agus feasacht maidir le: taighde, measúnú, bainistíocht tionscadail, anailís agus réiteach fadhbanna. Tiocfaidh forbairt freisin ar iompar agus dearcadh pearsanta an mhic léinn go háirithe trí oibriú i gcomhar le daoine eile, trí fhoghlaim neamhspleách agus machnamh ar shaincheisteanna eitice.Is modúl gníomhach é seo ina gcaithfidh mic léinn freastal ar sheimineáir, ar chruinnithe agus léachtanna tacaíochta an mhoduil.

Torthaí na Foghlama
1. Deis fiontraíochta nó infhiontraíochta a aithint agus inmharthanacht a mheas
2. Rangú, measúnú agus sintéis a dhéanamh ar eolas casta ó fhoinsí éagsúla le cinntí eolacha a dhéanamh.
3. Argóintí áititheacha a fhorbairt agus a dhéanamh leis an deis fiontraiochta nó infhiontraíochta a chur i bhfeidhm.
4. Modhanna agus teicnící taighde oiriúnacha a roghnú agus a chur i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar an deis fiontraíochta nó infhiontraíochta.
5. Pleanáil, bainistiú agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar a (h)obair féin agus ar obair bhuíne más ann di.
6. Ceisteanna polaitiúla, eiticiúla agus sóisialta a aithint agus réitigh chuí a chur i bhfeidhm
7. Plean nuálaíoch a fhorbraíonn deis fiontraíochta nó infhiontraíochta, a chomhtháthaíonn teoiricí oiriúnacha bainistíochta, margaíochta, taighde, airgeadais agus teicneolaíochta a ullmhú agus a chur i láthair.
8. Tuairiscí scríofa gairmiúla a ullmhú agus a aigniú in am.
9. Cumarsáid agus léiriúcháin ghairimiúil a dhéanamh ar an deis fiontraíochta nó infhiontraíochta
10. Cur i láthair gairmiúil a ullmmhú ar an deis fiontraíochta nó infhiontraíochta agus a chur i gcrích



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Independent learning159Foghlaim Neamhspleách
Assignment150Ullmhúchán do na measúnachtaí
Seminars24Seimineáir Tacaíochta
Tutorial30Cruinnithe Seachtainiúla le Comhordaitheoir
Seminars12Tacaí­ocht ó mheantóirí­
Total Workload: 375

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Seimineáir Tacaíochta.
Seimineár tacaíochta i sainábháir m.sh dlí, taighde margaíochta, cuntasaíocht &rl..

Meantóir.
Meantóireacht leanúnach le meantóirí inmheánacha agus seachtracha..

Cruinnithe Seachtainiúla.
Cruinniú seachtainiúil ag gach buíon/mac léinn indibhidiúil leis an gcomhordaitheoir áit a bpléifear an dul chun cinn, na dúshláin agus na réitigh ar fhabhanna..

Iompar agus dearcadh fiontraíoch agus proifisiúnta.
Forbairt ar scileanna pearsanta.

Measúnacht
Comhpháirteanna100% Scrúdú deiridh modúil0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Report (s) (written / oral)Tuairisc Dul Cinn Giniúint Smaoineamh15%Other
Report (s) (written / oral)Tuairisc Dul chun Cinn15%Other
ProjectPlean a fhorbairt a léiríonn cur chuige fiontraíochta nó infhiontraíochta60%Sem 2 End
Oral presentationsAgallamh agus nó cur i láthair10%Sem 2 End
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Bragg, Andrew & Mary Bragg: 2005, Developing New Business Ideas, Pearson Education, Harlow, 9780273663256
  • Bridge, Simon, Ken O'Neill & Frank Martin: 2008, Understanding Enterprise, Entrepreneurship and Small Business, 3rd, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9780230552708
  • Rae, David: 2005, Entrepreneurship: from opportunity to action, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9781403941756
  • Cottrell, Stella: 2003, Skills for Success: the personal development planning handbook, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 1403911320
  • Cottrell, Stella: 2005, Critical Thinking Skils: developing effective analysis and argument, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 1403996857
Other Resources
4442, Suíomh Gréasáin, Oak Tree Press, 0, Starting a Business in Ireland, www.startingabusinessinireland.com,
Array
Clár nó Liosta Clár
GGBA Gnó agus Gaeilge
Timetable this semester: Timetable for FN340A
Dáta an athbhreithnithe dheiridh24-AUG-11
Archives: