Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Scileanna Teanga:Cumarsáid Dhigiteach & Eagar
Cód an Mhodúil FN343A
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Comhordaitheoir an MhodúilSemester 1: Colm O Ciardubhain
Semester 2: Colm O Ciardubhain
Autumn: Colm O Ciardubhain
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 0
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Is é aidhm an mhodúil seo ná forbairt a dhéanamh ar chumas Gaeilge na mac léinn agus a dtuiscint ar an teanga go ginearálta a leathnú, go speisialta a dtuiscint ar an ngramadach agus ar an eagarthóireacht. Foghlaimeoidh na mic léinn faoi cheartúsáid na hacmhainní teanga atá ar fáil ar an idirlíon. Forbrófar cumas scríbhneoireachta, cluastuisceana, labhartha agus eagarthóireachta na mac léinn trí ghníomhaíochtaí foghlama ina mbainfear úsáid as téacsanna éisteachta, físe, agus léitheoireachta ar líne chomh maith le tascanna atá dírithe ar chruinneas sa scríbhneoireacht agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn anailís a dhéanamh ar a gcuid oibre féin bunaithe ar aiseolas ón teagascóir. Foghlaimeoidh na mic léinn conas taifead a choinneáil ar na botúin choitianta a dhéanann siad sa scríobh agus sa chaint. Beidh ar mhic léinn moltaí a dhéanamh maidir le conas na laigí ina gcuid oibre a réiteach.

Torthaí na Foghlama
1. Cruinneas gramadaí: Léiriú ar chruinneas maith agus ar úsáid inniúil foinsí gramadaí agus téarmaíochta agus léiriú ar chruinneas i leith topaicí gramadaí an tsiollabais.
2. Stór focal: Forbairt ar shainstór focal i réimsí ar nós: gnó, polaitíocht agus cúrsaí reatha.
3. Léamhthuiscint: Pointí ábhartha eolais a bhaint agus a mheas as téacsanna caighdeánacha a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha.
4. Cluastuiscint: Aithint agus plé ar na príomhphointí i dtéacsanna éisteachta a bhaineann le topaicí an tsiollabais nó le cúrsaí reatha agus sin a dhéanamh i gcás phríomhchanúintí na Gaeilge.
5. Scríbhneoireacht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil i scríbhinn ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas.
6. Caint & foghraíocht: Mionsonraí cruinne a chur ar fáil ó bhéal ar chúrsaí reatha nó ar thopaic éigin ar an siollabas.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Independent learning10Éisteacht nó léitheoireacht neamhspleách as ábhar sna meáin Ghaeilge
Assignment30Tascanna scríofa
Assignment30Tascanna labhartha
Examination5Quizeanna ar Moodle
Independent learning5Uasdátú ar an ngluais d'fhocail nua
Independent learning30Dialann foghlama
Independent learning15Staidéar
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Cruinneas gramadaí.
Díriú ar théarmaíocht agus ar rialacha a bhaineann le gramadach na Gaeilge go speisialta ar na topaicí seo a leanas: an briathar sa chlásal coibhneasta, foirmeacha na copaile, an forainm, agus an briathar saor. Beidh an cruinneas gramadaí á thástáil san obair scríofa agus labhartha agus beidh quizeanna rialta le déanamh ar thopaicí gramadaí an tsiollabais..

Stór focal.
Leathnú agus saibhriú stór focal trí théacsanna molta an tsiollabais a léamh, éisteacht le cláir nuachta Gaeilge agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta. Beidh ar mhic léinn taifead rialta á choinneáil ar na téarmaí nua a fhoghlaimíonn siad..

Léamhthuiscint.
Déanfar léitheoireacht neamhspleách agus léitheoireacht atá leagtha amach mar chuid den siollabas beidh ar mhic léinn agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin..

Cluastuiscint.
Feabhsú cluastuisceana trí éisteacht leis na téacsanna éisteachta molta agus trí éisteacht go neamhspleách le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 ar líne agus achoimre ó bhéal nó i scríbhinn a sholáthar ar an ábhar sin..

Scríbhneoireacht.
Portfóilió a chur le chéile ina mbeidh aistriúcháin, aistí agus achoimrí i scríbhinn bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha..

Caint & foghraíocht.
Portfóilió a chur le chéile ina mbeidh ar aistriúcháin agus achoimrí ó bhéal bunaithe ar thopaicí an tsiollabais, ar an nuacht nó ar chúrsaí reatha..

Féinmheasúnú.
Beidh ar mhic léinn dialann foghlama a choinneáil ina mbeidh cur síos ar na tascanna a bhí le déanamh acu chomh maith le hanailís ar an aiseolas ón teagascóir..

Measúnacht
Comhpháirteanna100% Scrúdú deiridh modúil0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
PortfolioBailiúchán de na tascanna scríofa bhí le déanamh i gcaitheamh an tseimeastair.30%n/a
PortfolioBailiúchán de na tascanna labhartha bhí le déanamh i gcaitheamh an tseimeastair.25%n/a
PortfolioGluais d’fhocail nua a d’fhoghlaim an mac léinn i rith an tseimeastair.10%n/a
Reflective journalCur síos ar thascanna an chúrsa agus anailís ar an aiseolas ón teagascóir.20%n/a
Multiple choice questionsQuizeanna rialta thopaicí gramadaí an tsiollabais.15%n/a
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 2
Liosta léitheoireachta
  • Rannóg an Aistriúcháin: 1958, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath,
  • Mac Murchaidh, C.: 2004, Cruinnscríobh na Gaeilge, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,
  • Ó Tuathail, É., Ó Baoill, D.: 1992, Úrchúrsa Gaeilge, Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath,
  • Mac Lochlainn, A.: 2000, Cuir Gaeilge air : comhairle agus cleachtadh san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,
  • Ó Dónail, N.: 1977, Foclóir Gaeilge-Béarla, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Mac Lochlainn, A: 2010, In ord is in eagar, Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath,
Other Resources
1219, 0, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta, http://www.focal.ie, 1220, 0, An Bunachar Náisiúnta Logainmneacha, http://www.logainm.ie,
Array
Clár nó Liosta Clár
ALISBA in Applied Language and Intercultural
Timetable this semester: Timetable for FN343A
Dáta an athbhreithnithe dheiridh05-OCT-10
Archives: