Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Litríocht na Gaeilge II
Cód an Mhodúil FN347
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Modúil MúinteoirPj MacGabhann
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 10
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Is é aidhm an mhodúil seo ná tuiscint bhunúsach a thabhairt do mhic léinn ar litríocht na Gaeilge ó 1882 ar aghaidh. Bainfidh an cúrsa seo go sonrach leis an bhforbairt a tháinig ar litríocht na Gaeilge ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann. Beidh an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an cholúnaíocht agus an úrscéalaíocht á bplé. Beidh ar mhic léinn freastal ar léachtaí ina mbeidh an litríocht féin á léamh, na téamaí á bplé agus cúrsaí gaolmhara sóisialta agus stairiúla á rianú. Beidh ar mhic léinn léitheoireacht a dhéanamh roimh na léachtaí mar ullmhúchán.

Torthaí na Foghlama
1. An éabhlóid ó litríocht na hAthbheochana bunaithe ar an mbéaloideas go scríbhneoireacht chruthaitheach bunaithe ar an ‘Nua-Litríocht’ a rianú agus a mheas.
2. Na saintréimhsí agus na sainghrúpaí i litríocht na Gaeilge a aithint; a) Ó Laoghaire, Ó Conaire, Mac Piarais b) Ó Cadhain, Ó Díreáin agus Ó Ríordáin c) filí Innti mar shampla.
3. Triúr mórúdar Gaeilge san fhichiú haois a ainmniú agus cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar a mbeatha agus ar a saothar.
4. Comparáid a dhéanamh idir sampla de litríocht na hAthbheochana agus sampla den Nua-Litríocht agus na cosúlachtaí agus difríochtaí a aimsiú.
5. An gaol idir stair na Gaeilge agus an litríocht a phlé.
6. Scileanna a bhaineann le scríbhneoireacht acadúil na Gaeilge a fhorbairt.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture48Léacht fhoirmiúil
Tutorial48Pléifear an t-ábhar léitheoireachta mar ghrúpa
Independent learning96Léitheoireacht neamhspleách agus ullmhú do léachtaí.
Independent learning29Ullmhú do mheasúnachtaí
Independent learning29Ullmhú don scrúdú
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Léachtaí.
Freastalóidh mic léinn ar léachtaí i gcaitheamh na bliana ina bpléifear coincheapa litríochta, beidh samplaí ó shaothair litríochta á léamh sna léachtaí..

Léitheoireacht neamhspleách.
Beidh léitheoireacht neamhspleách le déanamh ar ábhar acadúil a bhaineann leis na seánraí éagsúla litríochta. Sna léachtaí beidh ar mhic léinn coincheapa ón léitheoireacht acadúil a phlé i gcomhthéacs saothar sna seánraí ábhartha..

Anailís ar théacsanna.
Táthar ag súil leis go mbeidh mic léinn in ann anailís a dhéanamh ar shleachta gairide litríochta m.sh. téamaí agus coinbhinsiúin na Nua-Litríochta a aithint i sleachta próis nó i saothair filíochta..

Measúnacht
Comhpháirteanna50% Scrúdú deiridh modúil50%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentAiste ar cheann de thopaicí an mhodúil.50%n/a
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Caerwyn Williams, J. E. & Ní Mhuiríosa, M.: 1979, Traidisiún Liteartha na nGael, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
  • Denvir, G. Ní Dhonnchadha, A.: 2000, Gearrscéalta an Chéid, Cló Iar-Chonnacht, Conamara,
  • Kiberd, D. & Fitzmaurice, G.: 1991, An Crann faoi Bhláth The Flowering Tree : Contemporary Irish Poetry with Verse Translations, Wolfhound, Baile Átha Cliath,
  • de Faoite, D.: 2008, Rogha scéalta, Cló Iar-Chonnacht, Conamara,
  • Ó Háinle. C.: 1999, Gearrscéalta an Phiarsaigh, Cló Thalbóid, Baile Átha Cliath,
Other Resources
3357, Eolas beathaisnéiseach, 0, www.ainm.ie,
Array
Clár nó Liosta Clár
GGBA Gnó agus Gaeilge
GIBA Gaeilge agus Iriseoireacht
Timetable this semester: Timetable for FN347
Archives: