Registry
Module Specifications
Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Aidhmeanna an Mhodúil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Is é an bhunaidhm atá leis an modúl seo ná deis a thabhairt don mhac léinn saothar acadúil nó saothar iriseoireachta substaintiúil trí Ghaeilge a fhorbairt. Is mórphíosa oibre indibhidiúil é seo a dtabharfaidh an mac léinn faoi bunaithe ar na scileanna agus an fheasacht atá faighte aige/aici le linn an chláir. Tá rogha ag an mac léinn saothar acadúil bainteach le hábhar an chláir a fhorbairt nó togra iriseoireachta a chur i gcrích (dírithe ar na meáin chlóite, raidió nó teilifís, suímh Idirlín &rl). Tabharfar an stiúir chuí don mhac léinn. Moltar go nglacfaidh an mac léinn páirt ghníomhach i seimineáir thacaíochta an mhodúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Torthaí na Foghlama | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1. Sonraí a bhailiú, a rangú, anailís a dhéanamh orthu agus iad a chur i láthair ag baint leasa as na coinbhinsiúin acadúla nó iriseoireachta chuí. 2. Saothar acadúil nó iriseoireachta substaintiúil a chur i gcrích bunaithe ar chomhtháthú na dteoiricí agus na gcleachtas acadúil, taighde agus iriseoireachta cuí. 3. Pleanáil agus bainistiú a dhéanamh ar a obair féin 4. Cleachtais iriseoireachta chuí a chur i bhfeidhm ar chaighdeán infhoilsithe agus/nó inchraolta. 5. Suntas a dhéanamh de cheisteanna iriseoireachta, eiticiúla agus dlíthiúla agus moltaí oiriúnacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm más ann dóibh. 6. Na modhanna taighde agus/nó na cleachtais agus scileanna iriseoireachta oiriúnacha a phlé agus a roghnú don togra agus a chur i bhfeidhm faoi threoir an stiúrthóra tráchtais 7. Athbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar a (h)obair féin de réir critéar acadúil agus iriseoireachta cuí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Siollabas táscach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cruinnithe Stiúrthóireachta. Casfaidh an mac léinn leis na stiúrthóirí agus ullmhóidh sé/sí dréachtanna leanúnacha den obair. Foghlaim Neamhspleách. Tabharfaidh an mac léinn faoi thaighde cuimsitheach leis an tionscadal a chur i gcrích - beidh ar an mac léinn am a chur ar leataobh lena c(h)uid scileanna taighde agus iniúchta a fhorbairt. Obair Pháirce. Cuirfidh an mac léinn obair pháirce i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna a eascraíonn as an taighde atá ar bun aige/aici. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Liosta léitheoireachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Other Resources | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Array | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Clár nó Liosta Clár | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| GI | BA Gaeilge agus Iriseoireacht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Timetable this semester: Timetable for FN366 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta an athbhreithnithe dheiridh | 09-FEB-12 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Archives: |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||









