Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil An Ghaeilge ó Bhunú an Stáit
Cód an Mhodúil FN516
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Modúil MúinteoirCaoilfhionn Nic Phaidin
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 10
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Gheobhaidh an mac léinn spléachadh ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge i láthair na huaire, agus cothofar díospóireacht faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe do lucht labhartha na teanga. Beidh an mac léinn in ann forbairt na Gaeilge agus beartas teanga an stáit a mheas go criticiúil. Léireoidh an mac léinn saineolas ar an athbheochan agus ar ghluaiseachtaí teanga in éarnálacha éagsúla ar nós na meán - bunú agus forbairt Raidió na Gaeltachta, TG4, feachtas cearta daonnna sna Gaeltachtaí.

Torthaí na Foghlama
1. Cur síos ginearálta a thabhairt ar chúlra stairiúil na Gaeilge agus a nasc le stair na tíre, go háirithe sa 20ú aois.
2. Beartas stáit maidir leis an nGaeilge a rianú agus a mheas ó bhunú an stáit
3. Struchtúr agus forbairt earnáil dheonach na Gaeilge a mhíniú go criticiúil
4. Córas struchtúrtha, tacaíochta stáit don teanga a mheas go criticiúil m.sh Roinn na Gaeltachta,Bord na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge
5. Gluaiseachtaí teanga sa stát agus cearta daonna sa Ghaeltacht a mheas agus a chur i gcompáráid le gluaiseachtaí cosúla idirnáisiúnta
6. Frithgluaiseachtaí pobail in aghaidh na Gaeilge a mheas
7. Cíoradh agus critíc ar ról an Ghaeloideachas agus na Scoileanna Gaeltachta
8. Sintéis chriticiúil agus anailís eolach ar litríocht acadúil sa réimse a chur i gcrích
9. Frithghníomhaíochtaí an stát in aghaidh na Gaeilge a mheas



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture16Léachtanna ar champas
Independent learning128Measúnú Leanúnach
Assignment60Ullmhúchán don mheasúnacht
Lecturer-supervised learning (contact)16Foghlaim ar líne
Assignment30Ullmhúcháin agus postáil ar líne
Total Workload: 250

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Cúlra stairiúil.
Athbheochan, fís agus stát nua: 1870-1922. Pleanáil teanga i gcás na Gaeilge ó 1922 i leith. An Ghaeilge agus a cur chun cinn le linn na 20ú haoise..

An Ghaeilge sa Stát Chórais.
An Ghaeilge sa státchóras .i. iniúchadh ar bheartas agus ar chleachtas an Stát i leith an teanga.

Staid chomhaimseartha na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Stádas agus feidhm na Gaeltachta sa t-sochaí chomhaimseartha. Todhchaí na Gaeltachta.

An Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Stádas, feidhm agus úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. Ról agus Forbairt Foras na Gaeilge.

Feidhm agus stádas na Gaeilge.
Na ceisteanna sochtheangeolaíochta a bhaineann leis an nGaeilge ó aimsir na hathbheochana i leith. Stádas agus feidhm na Gaeilge sa t-sochaí chomhaimseartha..

An díospóireacht faoin nGaeilge..
Meonta an phobail i leith na Gaeilge go stairiúil. Meonta an phobail i leith na Gaeilge anois. Teoiricí faoi chúlú/bhuanú na Gaeilge sa tsochaí. Todhchaí na Gaeilge..

Oideachas.
Rianú ar an nGaeloideachas agus oideachas Gaeltachta - anailís ar chinnidh, ar thaighe agus ar bheartas Stát sa réimse.

Earnáil dheonach na Gaeilge.
Plé ar fhorbairt na hearnála agus ar an éabhlóid atá tagtha ar obair na hearnála.

Measúnacht
Comhpháirteanna100% Scrúdú deiridh modúil0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
EssayAiste60%Sem 1 End
Report (s) (written / oral)Postála ar fhóraim Moodle ar ábhar an mhodúil40%As required
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Cronin, Michael: 2005, An Ghaeilge san Aois Nua/Irish in the New Century, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Fishman, Joshua: 1991, Reversing Language Shift: Theoretical and Empirical Foundations of Assistance to Threatened Languages, Multilingual Matters, Clevedon,
  • Kirby, Peadar: 2004, Todhchaí dÉirinn: Pobal, Féinmheas, Teanga, Coiscéim/An Aimsir Óg, Baile Átha Cliath,
  • Lee, Joseph: 1989, Ireland 1912-1985: Politics and Society, Cambridge University Press, Cambridge,
  • Mac Póilín, Aodán (eag.): 1997, The Irish language in Northern Ireland, Iontaobhas Ultach, Béal Feirste,
  • O'Reilly, Camille C.: 1999, The Irish language in Northern Ireland: the politics of culture and identity, Macmillan, Basingstoke,
  • Ó Riagáin, Pádraig: 1997, Language policy and social reproduction: Ireland, 1893-1993, Clarendon Press & Oxford University Press, Oxford & Nua-Eabhrac,
  • Ó Torna, Caitríona: 2005, Cruthú na Gaeltachta 1893-1922, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Tuathaigh, Gearóid, Ó Laoire, Liam Lillis agus Ua Súilleabháin, Seán (eag.): 2000, Pobal na Gaeltachta: a Scéal agus a Dhán, Cló Iar-Chonnachta agus Raidió na Gaeltachta, Indreabhán,
  • Crystal, David: 2000, Language Death, Canto, Cambridge University Press, Cambridge,
  • Nic Pháidín, C. agus Ó Cearnaigh, S. (eag.): 2008, A New View of the Irish Language, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. agus OBrien, M.: 2007, Staidéar Cuimistheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal agus Moltaí, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta [Ar fáil ar líne], Baile Átha Cliath,
Other Resources
None
Array
Clár nó Liosta Clár
MSTMA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga)
Timetable this semester: Timetable for FN516
Dáta an athbhreithnithe dheiridh04-NOV-09
Archives: