Registry

Module Specifications

Current Academic Year 2012 - 2013
Please note that this information is subject to change

Teideal an Mhodúil Margaíocht
Cód an Mhodúil FN537
Scoil Fiontar
Online Module Resources

Comhordaitheoir an MhodúilSemester 1: Emer Ni Bhradaigh
Semester 2: Emer Ni Bhradaigh
Autumn: Emer Ni Bhradaigh
Modúil MúinteoirMairead Nic Giollamhichil
Leibhéal 8 Rátáil Creidiúintí 5
Réamhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Comhriachtana(i)s Ní ann dóibh
Compatibles None
Incompatibles None
Aidhmeanna an Mhodúil
Is é aidhm an mhodúil seo ná bunús na margaíochta idir choincheapa agus phrionsabail a thabhairt don mhac léinn; léargas a thabhairt ar phróiseas na margaíochta in eagraíochtaí, agus léargas ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha mar uirlisí don mhargaíocht. Gheobhaidh mic léinn cleachtas ar conas coincheapa margaíochta a chur i bhfeidhm i gcásanna ar leith. Beidh ar mhic léinn freastal ar léachtaí, páirt a ghlacadh i seimineáir agus obair ghrúpa shubstaintiúil a dhéanamh. Beidh ar mhic léinn réamhobair a dhéanamh mar ullmhúchán do na léachtaí agus na seimineáir. Beidh ar mhic léinn taighde a dhéanamh lasmuigh den ollscoil le plean margaíochta a dhearadh d'eagraíocht ar leith. Forbróidh mic léinn an fios, na scileanna agus an dearcadh pearsanta cuí a chabhróidh leo anailís a dhéanamh ar ról na margaíochta sa tsochaí agus ar na himpleachtaí a bhaineann le cinntí margaíochta don chomhlacht agus don chustaiméir.

Torthaí na Foghlama
1. Anailís agus measúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna reatha i ndisciplín na margaíochta.
2. An litríocht chuí sa disciplín a aithint agus a chur i bhfeidhm le fadhbanna margaíochta i gcás-staidéar a réiteach.
3. Díospóireacht a dhéanamh ar ról na margaíochta sa tsochaí chomhaimseartha.
4. Na saincheisteanna eiticiúla a bhaineann le margaíocht a aithint agus a phlé i gcomhthéacs a c(h)óras pearsanta luachanna.
5. Eolas casta a chur i láthair do chineálacha éagsúla lucht éisteachta agus léitheoireachta i scríbhinn agus ó bhéal, i bhfoirm fheiliúnach, spreagúil, shoiléir, shothuigthe.
6. Breithiúnas eolasach bunaithe ar na saincheisteanna reatha i ndisciplín na margaíochta a thabhairt ar eolas casta, neamhiomlán i gcás-staidéar margaíochta.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture12Léacht
Seminars10Seimineár
Debate2Dí­ospóireacht
Group work60Obair Ghrúpa ar thogra taighde d'eagraí­ocht ar leith
Independent learning time41Foghlaim neamhspleách
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Siollabas táscach
Ról na margaíochta sa tsochaí.
Ról na margaíochta sa tsochaí i gcoitinne, in eagrais phríobháideacha agus in eagrais sheachbhrabúsacha.

Teoiricí agus fealsúnacht na margaíochta.
Príomhchoincheapa na margaíochta, iompar tomhaltóra agus ceannaitheora, cumarsáid mhargaíochta, straitéisí agus anailís ar iomaitheoirí san áireamh.

Taighde margaidh.
Príomhuirlisí taighde margaidh - suirbhéanna, agallaimh, fócasghrúpaí agus tástáil.

Deighilt margaidh.
An margadh a dheighilt de réir critéar éagsúil.

Margaíocht dhigiteach.
Teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise mar uirlis chomhaimseartha margaíochta.

Straitéis mhargaíochta.
Straitéisí agus dea-chleachtais mhargaíochta le buntáiste uathúil a chothú.

Cás staidéir.
Cás-staidéir Éireannacha agus idirnáisiúnta, sna hearnálacha brabúsacha agus seachbhrabúsacha.

Measúnacht
Comhpháirteanna100% Scrúdú deiridh modúil0%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
AssignmentPlean margaíochta a chur le chéile d'eagraíocht50%Week 12
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
This module is category 1
Liosta léitheoireachta
  • Armstrong, Gary M: 2009, Marketing: an introduction, Financial Times Prentice Hall, Harlow, 9780273713951
  • Domegan, Christine & Declan Fleming: 2007, Marketing Research in Ireland: theory and practice, 3rd, Gill and Macmillan, Dublin, 9780717142002
  • Kotler, Philip & Nancy R. Lee: 2008, Social Marketing: influencing behaviours for good, 3rd, Sage Publications, Los Angeles, 9781412956475
  • Wymer, Walter, Patricia Knowles, Roger Gomes, Michael Jay Polonsky & Barry O'Mahoney: 2006, Nonprofit Marketing, Sage Publications, London, 9781412909235
  • Adamson, Allen P: 2008, Brand Digital: simple ways top brands succeed in the digital world, Palgrave Macmillan, Basingstoke, 9780230606043
  • Mohr, Jakki J., Sanjit Sengupta & Stanley F. Slater: 2009, Marketing of High-Technology Products and Innovations, 3rd international, Prentice Hall, New Jersey, 013136491
Other Resources
None
Array
Clár nó Liosta Clár
MGTEMSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais
Timetable this semester: Timetable for FN537
Dáta an athbhreithnithe dheiridh30-AUG-10
Archives: