dámh na heolaíochta agus sláinte
fáilte go dámh na heolaíochta agus sláinte
Dean: Prof. Malcolm Smyth
B.Sc., Ph.D., D.Sc., F.I.C.I., C.Chem., F.R.S.C.
Senior Secretarial Assistant:
Sharon Sheehy
Faculty Office Fax: 5997
Tá clú agus cáil ar Dhámh na hEolaíochta agus Sláinte de bharr feabhais a cuid múinteoireachta agus taighde, de bharr a dlúth-nascanna le tionscal agus de bharr a h-aire don mhacléinn aonar. I gcomhaontas le fealsúnacht ginearálta na hOllscoile, dírimid ár bhfócas ar idir-dhisciplíneacht in ár múinteoireacht agus taighde. Ní amháin go dtugann an idir-dhisciplíneacht seo deiseanna gairme den scoth dár gcéimithe, ach feileann sé don lae inniu ina bhfuil na teorainn idir na disciplín traidisiúnta ag leá de réir a chéile.
Ó thaobh na múinteoireachta de, baineann ár gcláranna eolaíochta fisiciúla, bitheolaíochta, eolaíochta spóirt agus sláinte agus altranais le riachtanais an phobail comhaimseartha, araon faoi láthair agus mar a bhfeictear don thodhchaí. Cuirimid béim ar ábharthacht agus solúbthacht agus tá feabhas tuillte againn i leith fostaíocht ár gcéimithe.
Maidir le thaighde, tá pobal mór iarchéimithe againn agus cuirimid fáilte roimh fiosrúcháin uaibh siúd a bhful suim agaibh i gcúrsa múinte iarchéime nó i dtaighde iarchéime (sonraí ar nascanna na Scol éagsúla). Tá baint ag baill na Dáimhe le trí Lárionad Náisiúnta Taighde (cistí móra tuillte acu uilig ó ghníomhaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta) agus tá clú agus cáil idirnáisiúnta ag líon mór foirne ina n-ábhair thaighde féin.
Tá súil agam go bhfaighidh sibh cibé eolas atá uaibh ar shuíomh lín na Dáimhe nó a chuid nascanna. Muna féidir libh, bainigí úsáid as na foinsí thíos.
An tOllamh Maolcholm MacGabhann
Déan na Dáimhe.
Fiosrúcháin ginearálta Gaeilge: Gaeilge@dcu.ie (ríomhphost) nó 7006191 (guthán)
Fiosrúcháin Béarla: joan.kelly@dcu.ie
Tráchtas PhD as Gaeilge (Achoimre): FORBAIRTÍ IN IMDHÍONBHRAITEOIRÍ LEICTRICEIMICEACHA (pdf)
Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte
Baill foirne na hOllscoile a bpléifidh gnó trí Ghaeilge: [le tógáil]
