Dr Eoghan Mac Conaill Óig

Dr Eoghan Mac Conaill Óig

Tá Dr Eoghan Mac Conaill Óig ag feidhmiú mar Ollamh Cúnta le Gnó agus mar Cathaoirleach BA Gnó & Gaeilge le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I measc na hábhair a mbíonn sé ag plé leo tá cursaí eSláinte, muinín agus príobháideachas.

Tá sé mar aidhm ag an  BA Gnó & Gaeilge mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Tugann mic léinn faoi mhodúil i réimse topaicí a bhaineann leis an ngnó digiteach, bainistíocht agus ceannaireacht, agus cúrsaí straitéise agus margaíochta, chomh maith le Bunú Fiontair. Dearadh gach ceann de na modúil ar mhaithe le freastal ar threochtaí atá ag teacht chun cinn i saol na hoibre sa lá atá inniu ann.

Sna gnéithe den chúrsa a bhaineann leis an ngnó digiteach, líonraí agus na meáin, foghlaimeoidh mic léinn eolas agus scileanna teicniúla a chuirfidh ar a gcumas ábhar a chruthú agus cumarsáid a dhéanamh ar ardáin dhigiteacha, idir na cinn atá coitianta agus cinn atá ag teacht chun cinn.  Forbróidh mic léinn tuiscint phraiticiúil ar an dea-chleachtas i ndearadh gréasáin, inúsáidteacht suíomhanna gréasáin, eispéireas an úsáideora, tionscadail ríomhthráchtála agus an Intleacht Shaorga

Trí na modúil taighde agus bhainistíochta, díreofar ar na tuiscintí a theastaíonn i ngairmeacha bainistíochta agus ceannaireachta. Forbróidh mic léinn tras-scileanna, chomh maith le tuiscintí ar an tionchar a imríonn bunachair sonraí, an t-uathoibriú agus an mheaisínfhoghlaim ar chleachtais thraidisiúnta bhainistíochta.

Is cúrsa beag í Gnó agus Gaeilge, rud a chiallaíonn go bhfuil aithne againn ar fad ar a chéile. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na mic léinn tionscnaimh a roghnú a bhfuil spéis ar leith acu féin iontu, agus gheobhaidh siad aiseolas ó na léachtóirí orthu. Tá béim ar leith sa chúrsa ar nascanna a chruthú idir na mic léinn agus domhan an ghnó ón gcead bhliain ar aghaidh. Faoin am a dtagann bliain na céime, tá na scileanna uile ag na mic léinn atá ag teastáil chun fiontar dá gcuid féin a bhunú.

DCU Prospectus - Go back to Gnó agus Gaeilge