ACE - Forbairt na Fiontraíochta agus na Nuálaíochta san Oideachas Tríú Leibhéal

An tseachtain seo d’aithin an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D. an ról atá ag foireann FIONTAR agus foireann Dhámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta in DCU i bhforbairt an oideachais in Éirinn. Le sé bliana anuas tá DCU ag obair le seacht n-institiúid ardoideachais eile mar chuid de mheitheal ACE – Accelerating Campus Entrepreneurship – meitheal atá maoinithe ag an Údarás um Ardoideachas, le fiontraíocht agus nuálaíocht a shníomh isteach i gcúrsaí nach mbaineann go sonrach le léann an ghnó.

Mar a dúirt an léachtóir le fiontraíocht in FIONTAR DCU, an Dr Emer Ní Bhrádaigh: ‘Is eol dúinn ar fad go mbíonn an deis ag mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an ngnó foghlaim faoin luach a bhaineann le hiompar agus le smaointeoireacht fhiontraíoch. Ach tá sé fíorthábhachtach go bhfoghlaimeodh daoine i ndisciplíní eile ar nós na hinnealtóireachta, ar nós na n-ealaíon, nó cúrsaí sláinte scileanna cruthaitheachta, nuálaíochta agus fiontraíochta. Trí fhoghlaim conas machnamh ar bhealach fiontraíoch, bíonn céimithe níos ullamh do shaol na fostaíochta agus do shaol na féinfhostaíochta.’

D’fhorbair Emer, agus a comhghleacaí i Scoil an Oideachais in DCU, Peter Tiernan, an chéad mhodúl creidiúnaithe in oideachas na fiontraíochta d’oideachasóirí tríú leibhéal na hÉireann. Chríochnaigh 20 duine, idir acadóirí agus daoine eile nach iad, an modúl iarchéime le déanaí,. Is iad Uachtaráin na n-institiúidí a d’ainmnigh na daoine seo don mhodúl úrnua seo a bhí creidiúnaithe ag DCU.

‘Chuireamar modúl fíor-rathúil ar fáil ar bhonn foghlama cumaisc, áit inar ghlac na rannpháirte páirt i dtrí cheardlann ar an gcampas, mar aon le sraith de 14 sheimineár gréasáin agus trí mhír foghlama ar líne a bhféadfadh rannpháirtithe tabhairt fúthu ina gcuid ama féin agus ar a luas féin.’ a dúirt Peter Tiernan. Tá sé féin agus an Dr Emer Ní Bhrádaigh fíorbhródúil as an gcaoi ar éirigh le 20 duine an modúl a chríochnú go hiomlán, agus as na tionscadail spéisiúla in oideachas na fiontraíochta a bheidh á bhforbairt acu in 17 n-institiúid ardoideachais ar fud na tíre. Léiríodh na tionscadail seo agus obair eile a rinne meitheal ACE ag ócáid thaitneamhach in Farmleigh, áit ar labhair an tAire Ruairí Quinn go dearfach faoi luach na fiontraíochta do phobal na tíre.