Accessibility     Accessibility |
My DCU | Library | Loop |

☰       Department Menu

Dr Pádraig Ó Liatháin

Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Name: Dr Pádraig Ó Liatháin
Department: Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Role: Ollamh Cúnta
Phone Number: 01 700 6092
Email Address: padraig.oliathain@dcu.ie
Room: AHC S119
Campus: Campas na Naomh Uile, DCU

Biographical Details

Is ollamh cúnta é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU. Fuair sé a chuid oideachais ollscoile i gColáiste na Tríonóide, idir BA, M. Litt., agus PhD. Tá sealanna caite aige ag léachtóireacht agus ag múineadh i gColáiste na Tríonóide, i gColáiste Oideachais Froebel, in Ollscoil Sheárlais, Prág agus le Gaelchultúr.

Tá taighde déanta agus altanna scríofa aige ar Éamonn Mac Giolla Iasachta, ar Sheán Ó Ríordáin, ar Dhonncha Rua Mac Conmara, agus ar Thalamh an Éisc.

Scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar an dán eisceachtúil ón 18ú céad, Eachtra Ghiolla an Amaráin, le Donncha Rua Mac Conmara. Tá eagrán den dán ag na clódóirí i láthair na huaire don tsraith Filí a thionscain Field Day Publications, Ollscoil Notre Dame, ach a chuirfidh Cló Iar-Chonnacht amach i mbliana.

Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr (2012-15) agus tá sé ina bhall seachtrach d'Ionad an Léinn Éireannaigh, i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Sheárlais, Prág.   

Faoi láthair tá sé ag obair ar mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thrascríobh agus a chur i gcló. Tá an chéad imleabhar, Dialanna a 1 agus a 2, díreach réidh aige, agus cuirfidh Cló-Iar Chonnacht i gcló é. Fairis sin, tá sé ag obair lena chomhghleacaí, an Dr Éadaoin Ní Mhuirceartaigh, agus leis an Ollamh Comhlach Pádraig Ó Siadhail, Ollscoil St. Mary's, Halifax, ar dhíolaim ar litríocht an taistil sa Ghaeilge idir na blianta 1600-2000.

Is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, agus tá suim acadúil agus phearsanta aige in amhráin na Gaeilge idir shean-nós agus nua-chumtha.

Dr Pádraig Ó Liatháin is the former Irish language editor of the interdisciplinary peer- reviewed journal Iris an Dá Chultúr/Eighteenth Century Ireland. His annotated critical edition of Donncha Rua Mac Conmara’s mock-epic poem ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ is to be published by Cló Iar-Chonnacht in 2018. His research interests include Irish language literature from the 17th century to the present, connections with Talamh an Éisc / Newfoundland, and Irish song metre. He is also currently editing, and preparing for publication, the diaries of the 20th century Irish language poet, Seán Ó Ríordáin, housed in Special Collections in University College Dublin. The first volume, containing the diaries 1 & 2, will be submitted for publication in 2018.

Go to Pádraig Ó Liatháin's full profile