Comhaltachtaí Taighde ar fáil i Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Comhaltachtaí Taighde ar fáil i Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Comhaltachtaí Taighde ar fáil i Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Tá líon teoranta comhaltachtaí lánaimseartha taighde á dtairiscint ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge i réimse na teicneolaíochta agus na Gaeilge. Beidh na comhaltaí taighde ag obair i bpáirt le meitheal taighde de chuid Fiontar agus Scoil na Gaeilge agus i dteannta leis an Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach ar an togra, Fáilte ar Líne. Beifear ag tógáil ar fhorbairtí reatha ceannródaíocha i réimse na foghlama digití sa Ghaeilge sa tionscadal seo agus cuirfear deis mhealltach ar fáil don té a mbronnfar an chomhaltacht air cur go mór leis an bhfoghlaim ar líne. Beidh tú ag feidhmiú faoi stiúir an Phríomhthaighdeora agus beidh tú ag obair go dlúth le meitheal an tionscadail.

Féadfar ábhar taighde a mholadh in aon mhór-réimse díobh seo thíos. Ábhair shamplacha amháin a luaitear leis seo: 

  • samhail nua a fhorbairt nó teoiric a thástáil don fhoghlaim teanga ar líne
  • taighde a thionscnamh i réimse den fhoghlaim teanga ar líne
  • staidéar comparáideach ar shamhlacha foghlama ar líne
  • staidéar ar fhoghlaimeoirí teanga ar líne
  • cur chuige tacaíochta foghlama ar líne don fhoghlaimeoir teanga

Ní liosta cuimsitheach é sin thuas agus cuirfear fáilte roimh mholtaí feiliúnacha eile.

Is fiú €16,000 sa bhliain na comhaltachtaí seo. Íocfaidh Fiontar agus Scoil na Gaeilge as na táillí clárúcháin freisin. Tréimhse 4 bliana (ag tosú Samhradh 2017) a bheidh i gceist. Ní mór próiseas deimhnithe na hOllscoile agus dul chun cinn ar an gclár PhD a chur i gcrích go sásúil gach bliain. Beidh na comhaltaí cláraithe le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, ar bhonn lánaimseartha. Níor mhiste go mbeadh na comhaltaí sásta taisteal idir campais éagsúla na hOllscoile nuair is cuí.

 

Riachtanais

Bunchéim onóracha, ar a laghad, i réimsí cuí: an teicneolaíocht, an Ghaeilge nó an t-oideachas. Beidh ardscileanna Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, ag an iarrthóir rathúil agus d’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí tabhairt faoi mheasúnú teanga lena gcumas teanga a mheas. Fáilteofar roimh iarrthóirí a mbeidh iarchéim i réimsí cuí gnóthaithe acu freisin.

 

Próiseas Iarratais

Ba chóir d’iarrthóirí CV a chur ar fáil mar aon le ráiteas gearr (faoi bhun 250 focal) trína leagfar amach na cúiseanna ar mhaith leo tabhairt faoin taighde.

Ba chóir tras-scríbhinn de thorthaí deiridh na bunchéime a chur ar fáil mar aon le torthaí aon iarchéime (má tá siad ar fáil).

Ba chóir plean taighde a sholáthar freisin (gan dul thar 1,500 focal) ina sonrófar (i) an cheist taighde mholta; (ii) an mhodheolaíocht; (iii) plean sonrach ina luaitear tascanna agus sceideal ama; (iv) liosta gearr na bpríomhfhoinsí.

Ba chóir saothar scríofa críochnaithe amháin a rinneadh cheana a chur ar fáil mar shampla d’obair taighde an iarrthóra, eg. miontráchtas nó aiste taighde.

Is gá d’iarrthóirí coinne nó glaoch a eagrú leis an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl roimh an spriocdháta chun breis eolais a fháil agus ábhar an iarratais a phlé.

Spriocdháta deiridh chun iarratas iomlán a aighniú ar rphost: 30 Iúil 2017.

Ina theannta sin, cuireann Fiontar agus Scoil na Gaeilge fáilte ar bhonn leanúnach roimh iarrthóirí taighde iarchéime i gceann ar bith de shainréimsí acadúla na foirne agus d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaltacht taighde ar fáil i gcásanna áirithe.

 

Ba chóir fiosrúcháin faoi na comhaltachtaí seo a dhéanamh le:

An Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl 

Léachtóir Sinsearach agus Comhalta Taighde

An Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach & Fiontar agus Scoil na Gaeilge,

Dámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Rphost: mairead.nicgiollamhicil@dcu.ie; Fón: +353 (0)1 700 6143/8475.

 

Tá an tionscadal seo á chómhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, faoi scáth chlár Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.


Seicliosta iarratais:

  • CV an iarratasóra
  • Ráiteas taighde an iarratasóra
  • Dhá fhoirm le sonraí moltóirí acadúla (agus a gcead faighte agat a n-ainm a lua)
  • Bunchéim: tras-scríbhinn na dtorthaí
  • Máistreacht: tras-scríbhinn na dtorthaí
  • Plean Taighde
  • Saothar taighde a rinneadh cheana