Dr Peadar Ó Flatharta, Ar Dheis Dé go raibh a anam

Tá an scoláire aitheanta an Dr Peadar Ó Flatharta tar éis bháis. Bhí sé 61 bliain d'aois. Léachtóir sinsearach i Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU a bhí ann. Bhí sé ina Cheann Scoile ar Fiontar, DCU ar feadh tréimhse fhada freisin.

Roimhe sin, bhí sé ina stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina Leas-Uachtarán ar an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus ina bhall de Choimisiún na Gaeltachta. Bhí sé ina chathaoirleach chomh maith ar an ngrúpa idirnáisiúnta saineolaithe a chuir comhairle ar fáil le haghaidh Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Tharraing an Dr Peadar Ó Flatharta aird ar na laigeachtaí i gcóras oideachais na Gaeltachta ina thuarascáil taighde Struchtúr Oideachais na Gaeltachta a foilsíodh in 2007. Dúirt sé sa tuarascáil nach ndearnadh 'cúram de na cainteoirí dúchais mar nár cuireadh curaclam ar fáil sna scoileanna a bhí feiliúnach dá gcumas teanga. Dá bhrí sin, is é fírinne an scéil gur ar bhealach ar leith a caitheadh le muintir na Gaeltachta'.Tá dhá leathanach déag de mholtaí sa tuarascáil le dul i ngleic leis na laigeachtaí éagsúla a bhí aitheanta aige. Áiríodh cuid dá ndúirt sé ag an am sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a d'fhoilsigh an Rialtas dhá mhí ó shin.

I ráiteas a d'eisigh DCU inniu, dúradh go raibh aithne fhorleathan ar Pheadar Ó Flatharta as ucht na hoibre ar fad a rinne sé ar son stádas na Gaeilge sa tír seo. Dúradh go ndearnadh 'sraith forbairtí acadúla éagsúla ar na cláir agus ar imeachtaí eile san Ollscoil' agus é ina Cheann Scoile ar Fiontar, DCU.

Ar dheis Dé go raibh a anam.