Seoladh FLIrish101
An tAire Joe McHugh, an tOllamh Comhlach Nic Giolla Mhichíl agus Uachtarán DCU Briain MacCraith ag an seoladh.

Fáilte ar Líne

Sheol Príomh-Aire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., tionscnamh nua foghlama ar líne ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach, thar ceann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aréir. (Dé Máirt, an 23 Eanáir 2018)

Sa tionscnamh, bainfear leas as saineolas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar réimse na foghlama digití agus ar an nGaeilge chun deis a thabhairt do gach duine ar domhan an teanga a fhoghlaim.

Díreofar go príomha ar an diaspóra, ar an bpobal ‘Éireannach nua’ agus ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhfuil fonn orthu filleadh ar staidéar a dhéanamh uirthi arís.

Tá Fáilte ar Líne á chómhmhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Tuilleadh eolais faoin seoladh aréir ar fáil anseo agus is féidir clárú don chúrsa anseo.