Áine Ní Ghlinn agus Dáire Ní Chanáin
Áine Ní Ghlinn agus Dáire Ní Chanáin ag Litríocht am Lóin i Leabharlann Uí Chriagain

Litríocht am Lóin i Leabharlann Uí Chriagáin

Bhí Fiontar & Scoil na Gaeilge iontach sásta a bheith bainteach le hócáid iontach taitneamhach a thit amach i Leabharlann Uí Chriagáin @dculibrary ar 31 Iúil 2019. ‘Litríocht am Lóin’ a bhí ann, ag a raibh aithris filíochta le cloisteáil ón scríbhneoir Áine Ní Ghlinn, ón bhfile Freaslannach Janneke Spoelstra agus ón slamfhile Dáire Ní Chanáin! Bhí slua breá ann, agus rinne ár scríbhneoir cónaithe anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Réaltán Ní Leannáin, jab thar a bheith cumasach mar bhean an tí!