Réaltán Ní Leannáin
Réaltán Ní Leannáin

Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge

SCRÍBHNEOIR CÓNAITHE GAEILGE 2018-2019

 

Is mian le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt go bhfuiltear tar éis an scríbhneoir, Réaltán Ní Leannáin, a cheapadh mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain 2019. Post é seo atá á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag DCU.

 

Rugadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste agus tá BA sa Léann Éireannach agus sa Spáinnis ó Ollscoil Uladh aici. Tá tréimhsí caite aici ag teagasc ag an dara leibhéal agus ag léachtóireacht i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Foilsíodh cnuasach filíochta léi, Turas Ailse, in 2011 a bunaíodh ar dhialann a scríobh sí tar éis di a fháil amach go raibh an ailse uirthi. Thosaigh sí blag, http://turasailse.blogspot.ie/, chomh maith, a bhain gradam amach is atá beo go fóill. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, Dílis, sa bhliain 2015 agus drama raidió, Is iomaí Cor, in 2019.

 

Is í an chéad scríbhneoir í a chuaigh thar lear ar sparántacht Focail Eile sa bhliain 2016. Tá cuntas aici faoin chónaitheacht sin ag http://www.focaileile.ie/gae/blog/ag_deanamh_reidh agus ar shaothar dá cuid don tionscnamh sin i gcúig theanga an tionscadail ag http://otherwordsliterature.eu/.

 

Ba mhaith le DCU a ceapachán a thréaslú le Réaltán agus fáilte a chur roimpi i measc phobal na hOllscoile. Guímid bliain bhisiúil, thaitneamhach di inár gcuideachta.