Seán Ó Cearnaigh agus Caoilfhionn Nic Pháidin le Antain Mac Lochlainn
Seán Ó Cearnaigh, Antain Mac Lochlainn, agus Caoilfhionn Nic Pháidín.

Oíche Cheiliúrtha in ómós d'oidhreacht foilsitheoireachta Cois Life

D'eagraigh Fiontar & Scoil na Gaeilge ócáid speisialta ar Champas na Naomh Uile, DCU Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair, chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar na bhfoilsitheoirí Cois Life, comhlacht atá le scor ag deireadh na bliana tar éis beagnach 25 bliain ar an bhfód. D’fhreastail slua breá ar an ócáid, agus ina measc bhí Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, bunaitheoirí an chomhlachta.   D'fheidhmigh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge, mar Fhear an Tí.  Léigh triúir údar de chuid Cois Life, Éilis Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn agus Réaltán Ní Leannáin, sleachta an-taitneamhach as a saothar. Chuir Síle Denvir tionlacan diamhair ceoil ar fáil. Thug Caoilfhionn píosa cainte deas agus rinne Seán cur i láthair greannmhar ach an-fheiliúnach ag an deireadh. D'éirigh go seoigh leis na himeachtaí uile agus oíche den scoth a bhí ann. Ba chlabhsúr cóir é an oíche ar oidhreacht Cois Life le ceathrú céid anuas i saol cultúrtha agus liteartha na Gaeilge agus ba chuí an rud é gur in DCU a tharla an ócáid ós rud é gur chaith Caoilfhionn an chuid is mó dá saol gairmiúil anseo. Féach tuilleadh anseo.