Ceardlann Logainmneacha | Placenames Workshop
Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach
Ceardlann Logainmneacha
[English version below]
Tá ceardlann á reáchtáil ag Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) agus an Brainse Logainmneacha (An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta) chun plé a dhéanamh ar na naisc idir na logainmneacha agus an éiceolaíocht sa chomhthéacs Eorpach. Tógfaidh sé seo ar shraith ceardlann atá á reáchtáil gach re bliain ó 2012 i leith.
Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla ar an Déardaoin 23 Iúil 2026, ar Champas na Naomh Uile, DCU. Is féidir clárú ar Eventbrite.
Droim Toirc an uair sin ab ainm don áit seo,
agus ní raibh ann ach coillte agus fásach,
coin allta is broic ag éirí in airde,
gur bhuail na Fir Bhoilg cuan Phort Láirge.
Thóg siad seilbh gan fear a mbarrtha,
chuir siad fúthu agus rinne siad áras,
bhí siad faoi bhród agus lán d’áthas
mar stríoc siad a gcúrsa ó chumhacht a namhad.
Ghearr siad crainn agus rinne láthair
agus chuir siad an ríocht ar ndóigh i bhfáinne,
ó Dhún Dónaill go Droichead Átha,
ó Bhinn Bhorb ó thuaidh go cuan Chionn tSáile.
as ‘Seanchas na Sceiche’ le Raiftearaí (1779–1835)
Placenames and Ecology in the European Context
Call for papers: Placenames Workshop
Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU), and the Placenames Branch (Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht) are organising a workshop on the topic of placenames and ecology in the European context. This will continue the series of biannual placename workshops.
The workshop will be in Irish and in English on Thursday 23 July 2026, on the DCU All Hallows Campus. You can register on Eventbrite.
Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba 's mé go lagbhríoch
an ainnir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcaíocht,
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal 's a mailí,
dá mhaíomh go raibh ag tíocht 'na gar
a díogras, Mac an Cheannaí
from ‘Mac an Cheannaí’ by Aogán Ó Rathaile (c. 1675–1729)
![]()
![]()
![]()
![]()
