HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Seirbhísí Ríomhaireachta

Seirbhísí Ríomhaireachta

Ghriangraif Fiontar

Cód Iompair maidir le húsáid na ríomhairí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Níl cead na ríomhairí a úsáid chun aon rud mídhleathach a dhéanamh, ná ar úsáid shonrach phearsanta, ná mar chaitheamh aimsire.

Samplaí den úsáid seo atá toirmeasctha is ea cluichí a imirt, nó rochtain nó próiseáil ar ábhar déistineach, gáirsiúil nó mígheanasach.

Féadfar gnáthaimh smachtúla / coiriúla na hOllscoile agus Fiontar a chur i bhfeidhm ina leith siúd a ghníomhaíonn i gcoinne an chóid iompair seo.

CG60 agus CG61

Is le haghaidh mhic léinn FIONTAR amháin atá CG60 agus CG61. Níl cead ithe ná ól sna ríomhlanna, ach amháin sa chúinne caidrimh in CG60. Ná fágtar bruscar sa chúinne caidrimh in CG60, caitear sa mhála bruscair é.

Caithfidh gach mac léinn a c(h)uid páipear féin a sholáthar do na printéirí: ní chuirfidh Fiontar ar fáil é.

Sonraigh go maith go mb'fhéidir go n-iarrfaí ort do ríomhaire a thabhairt uait agus an ríomhlann a fhágáil i gcás léacht a bheith ar siúl ag rang éigin eile. Ní cheadaítear gutháin phóca a úsáid taobh istigh de na ríomhlanna.

Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na Ríomhlann