Workshop in Digital Humanities in Irish, RIA - Mairin Nic Eoin

Workshop in Digital Humanities in Irish, RIA

Cuireadh ceardlann lae ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 22 Eanáir faoi stiúir Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach. Deis a bhí ann le daoine atá ag plé le tionscnaimh dhigitithe trí mheán na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt le chéile lena gcuid oibre sa réimse a phlé lena chéile.

Bhí baint lárnach ag beirt bhall foirne de chuid Fiontar agus Roinn na Gaeilge le heagrú na ceardlainne, an Dr Ciarán Mac Murchaidh agus an tOllamh Máirín Nic Eoin, agus thug an Dr Gearóid Ó Cleircín, téarmeolaí le Fiontar, cur i láthair ar an téarmeolaíocht ag an imeacht.

Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann, an tOllamh Mary Daly, a d’oscail an cheardlann agus thug triúr ó Albain, an tOllamh Robby Ó Maolalaigh (Dachaigh airson Stòras na Gàidhlig, Ollscoil Ghlaschú); agus Lorna Pike agus Stephen Barrett (Faclair na Gàidhlig , Ollscoil na Gàidhealtachd agus na nOileán) cainteanna faoi thionscnaimh i nGàidhlig i rith an lae. Chláraigh os cionn 70 rannpháirtí le haghaidh na ceardlainne.

 

A day-long workshop was held on 22 January in the Royal Irish Academy under the auspices of Coiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach. T

he workshop was designed to provide those involved nationally and internationally in digital humanities projects through the medium of Irish with an opportunity to come together and discuss the work being done in the field. Two members of staff in Fiontar and the Department of Irish were centrally involved in organising the workshop, Dr Ciarán Mac Murchaidh and Professor Máirín Nic Eoin; and terminologist with Fiontar, Dr Gearóid Ó Cleircín, also gave a presentation on the terminological projects tearma.ie and gaois.ie.

President of the RIA, Professor Mary Daly, opened the workshop and three colleagues from Scotland presented on digital projects in the Gàidhlig language, an tOllamh Robby Ó Maolalaigh (Digital Archive of Scottish Gaelic, University of Glasgow); and Lorna Pike and Stephen Brennan (Faclair na Gàidhlig, University of the Highlands & Islands). Over 70 participants registered for the workshop.