DCU News
News at DCU
Lá na Meán Sóisialta
Lá na Meán Sóisialta

Lá na Meán Sóisialta

Is í an Ghaeilge ceann de na 100 teangacha is bríomhaire ar líne.

Is féidir an Ghaeilge a roghnú mar do theanga ar Facebook, Gmail, Twitter agus go leor aipeanna eile.

Leis an méid Gaeilge a úsáidtear ar líne ag fás lá i ndiaidh lae, beartaíodh gur chóir ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfás seo.

Roghnaítear lá faoi leith le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia, lá lán le beocht agus scléip dóibh siúd a ghlacann páirt. Anuraidh d'éirigh thar barr leis an lá le #LNMS17 ag treochtú in Éirinn agus sinn ag ceiliúradh ó cheannceathrú Facebook i mBÁC.

I mbliana beidh plé ar leith á chraoladh beo ón Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig, DCU óna 12:15, 16 Márta 2018.

Beidh ambasadóirí na féile, Caitlín Nic Aoidh (ó TG4), Noel McGrath (iománaí Thiobraid Árainn) & James Patrice (Snapchat Superstar) i láthair don lá. Déan cinnte bualadh isteach ar an selfie cube a bheidh os comhair deasc eolais na leabharlainne óna h11.

Beidh duaiseanna le bronnadh don féinín is fearr ag úsáid #LNMS18 & #SnaG18 An mbeidh tú linn i mbliana?

Le páirt a glacadh níl ort ach postáil a chur in airde ar chuntas ar ardán ilmheáin ar bith agus an haischlib #LNMS18 a chur leis an Aoine seo 16 Márta 2018.

Áit : An Seomra Caidrimh, Campas Phádraig, DCU

Am : 12:00 - 13:00 Lá : Aoine, 16 Márta 2018

***************************************************************

The Irish language is one of the top 100 most used languages online. You can choose Irish as your language on Facebook, Gmail, Twitter and many other platforms.

With the amount of Irish online growing consistently, we have decided to celebrate this recent achievement by setting aside a day to celebrate Irish online during Seachtain na Gaeilge le Energia.

Last year the day was a huge success with #LNMS17 trending in Ireland during the celebration in the headquarters of Facebook in Dublin. This year the panel discussion will be broadcast live from Seomra Caidrimh on the DCU St. Patrick’s Campus from 12:15, the 16th of March 2018.

The festival ambassadors will be in attendance, Caitlín Nic Aoidh (from TG4), Noel McGrath (the Tipperary hurler) & James Patrice (Gaeilge’s Snapchat Superstar)

Also be sure to pop into our selfie cube that will be in the library foyer from 11. Be in with a chance to win a prize for the best selfie using #LNMS18 & #SnaG18 Will you be joining us this year?

To take part all you need to do is post on an account on any one of the social media platforms with the hashtag #LNMS18 on Friday the 16th of March 2018.

Where: An Seomra Caidrimh,

DCU St. Patrick’s Campus

Time: 12:00 - 13:00 Day: Friday, 16th March 2018