Daoine 2023-2024
Dochtúirí Oinigh
I mí Dheireadh Fómhair 2023, bronnadh dhá ghradam oinigh ag OCBÁC. Bronnadh Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar John Saunders, Uachtarán agus POF FleishmanHillard, an phríomhghníomhaireacht caidrimh phoiblí ar domhan. Luaigh Martin Molony, Scoil na Cumarsáide OCBÁC: “D’úsáid John a cheannaireacht FleishmanHillard chun éagsúlacht agus comhionannas a chur chun tosaigh ina ngnó agus spreagadh a gcliaint chun an rud céanna a dhéanamh.” Bronnadh Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar Terence O’Rourke, cathaoirleach BSL agus iar-Chomhpháirtí Bainistíochta KPMG, chomh maith. Bhí an tUasal O’Rourke ina chomhalta d’Údarás Ceannais OCBÁC ar feadh ocht mbliana go dtí an bhliain 2021. Luaigh Leas-Uachtarán OCBÁC, an tOllamh Anne Sinnott: “Ar feadh a ghairmréime, léirigh Terence tiomantas do sheirbhís phoiblí. Bhí tionchar dáiríre ag a ionchuir dheonacha ar son na n-ealaíon, oideachais agus réimsí eile.”
Gradaim ar Leith
Glacadh leis an Ollamh Gary Murphy in Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) i mí na Bealtaine 2024. Bhí sé mar dhuine de 28 comhaltaí úrthofa a glacadh leo san Acadamh mar gheall ar a n-ionchuir den scoth sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta agus le seirbhís phoiblí. Tá an tOllamh Murphy ag obair in OCBÁC ón mbliain 1995, agus tá sé anois ina Lán-Ollamh i Scoil an Dlí agus Rialtais. Aithnítear é go hidirnáisiúnta mar shaineolaí ar ábhar na stocaireachta agus is saineolaí é in athchruthú agus léirmhíniú pholaitíocht na hÉireann san fhichiú haois agus san aonú haois is fiche. Bronnadh ardmholadh mar Thaighdeoir na Bliana, an Chomhairle um Thaighde in Éirinn (IRC) ar Ollamh Comhlach san Altranas Ginearálta i Scoil an Altranais, Síciteiripe agus Sláinte Pobail, an Dr Amanda Drury. D’oibrigh an Dr Drury mar altra i suíomhanna cúraim ailse ina gcuirtear cóireálacha ceimiteiripe agus radaiteiripe ar fáil. Tá na tionscadail taighde ar a bhfuil an Dr Drury ag obair ag díriú ar an gcaoi is fearr gur féidir le gairmithe cúraim sláinte agus le seirbhísí tacaíochta ailse tacú le daoine le hailse agus i ndiaidh ailse saol folláine a chaitheamh, agus an lámh in uachtar a fháil ar na tionchair fhisiciúla, shíceolaíocha agus shóisialta ailse agus na cóireála.
Seansailéir OCBÁC
I mí na Samhna 2023, tugadh aitheantas d’ionchur den scoth Brid Horan le rialachas agus cur chun cinn na hOllscoile, nuair a athcheapadh í mar Sheansailéir OCBÁC don dara téarma. Ceadaíodh an cinneadh ag vóta d’aon ghuth ag Údarás Ceannais na hOllscoile, agus beidh sí ina Seansailéir go dtí mí Iúil 2025. Ceapadh í don ról ar an gcéad dul síos i mí Mheán Fómhair 2021, agus tá taithí breis agus 30 bliain ag Brid Horan i róil fheidhmiúcháin, neamhfheidhmiúcháin agus dheonacha i bpríomheagraíochtaí na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí agus tá cruthúnas céimiúil seirbhíse agus abhcóideachta aici in Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus sna healaíona.
Athena Swan
Bhí lucht na hOllscoile ag obair níos crua fós le blianta beaga anuas chun a chinntiú go bhfuil foireann OCBÁC in ann rath a bheith acu i dtimpeallacht ionchuimsitheach. Deimhníodh an obair sin i mi Mheán Fómhair nuair a bronnadh Gradam Airgid Athena Swan ar OCBÁC mar gheall ar a tiomantas chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus athrú cultúir a chruthú laistigh den ollscoil. Ó baineadh amach Gradam Cré-Umha Athena Swan sa bhliain 2017, bhain OCBÁC amach cothromaíocht oiriúnach ionadaíochta inscne i Lucht Ardbhainistíochta agus i bhFeidhmeannach Ollscoile, agus anois is mná iad thart ar leath na gCeann Scoile agus na nOllúna Comhlacha.
Gradaim Uachtarán OCBÁC 2024
Tugtar aitheantas don bharr feabhais agus don ghaisce i bpobal OCBÁC le Gradaim bhliantúla an Uachtaráin. Áiríodh i measc bhuaiteoirí 2024Ghradam an Uachtaráin um Rannpháirtíocht foireann Oideachais Réamh-Bhunscoile na Tansáine agus deonach mic léinn ar Choiste Comhairleach Óige Choimisiún na Meán. Bhí tiomantas, díograis agus taitneamh mar shaintréithe ag Gradaim an Uachtaráin um Fheabhas sa Mhúinteoireacht agus san Fhoghlaim. Bronnadh onóir ar thaighdeoirí a dhíríonn ar ghléasanna nuálacha bithleighis, i gcóireáil othar néaltraithe agus ar éifeachtacht an rialachais um oiriúnú don aeráid ag Gradaim an Uachtaráin um Thaighde. Bronnadh Gradaim an Uachtaráin um Baill Foirne Ghairmiúla ar ghaiscí i luaineacht mhac léinn, tacaíocht acadúil, bunathrú digiteach agus acmhainní daonna.
Gradaim Chéimithe OCBÁC 2024
I mí Eanáir, tugadh aitheantas do chéimithe OCBÁC le Gradaim Chéimithe 2024. Ba iad na daoine seo a fuair gradaim: An Dr. John Gerard Cannon (BSc san Fhisic Fheidhmeach, 2010), Uachtarán Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann; Maria Kinsella (BSc sa Chuntasaíocht agus Airgeadas, 2012 - MSc sa Chuntasaíocht, 2013), Cuntasóir Cairte - PwC; Lucy Nugent (BA sa Staidéar Altranais, 2003), POF Ospidéal Ollscoile Thamhlachta; Martina Quinn (BA san Iriseoireacht, 2003), Bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta, Alice; Kevin Shortall (BRel Sc Mater Dei 1996, MRel Sc 2001), Príomhoide, Pobalscoil Naomh Aodháin, Tamhlacht; Kevin Tuohy (BSc sna Feidhmchláir Ríomhaire 1999), Stiúrthóir Innealtóireachta Bogearraí agus Daoine TF agus Airgeadais, Aer Lingus; Sorcha Edwards (BA sna Teangacha Feidhmeacha 1998), Ard-Rúnaí Thithíocht na hEorpa, agus Zia Karim (PhD san Innealtóireacht Leictreonach, 1993), Príomhoifigeach Teicneolaíochta (CTO) ag Yield Engineering Systems (YES) in Fremont, California. An mhí ina dhiaidh sin, bronnadh onóir ar roinnt de phríomhthacaithe OCBÁC agus an tionchar cumhachtach a bhíonn ag a ndaonchairdeas ag Dinnéar Ghradaim an Chomhluadair Ceannaireachta Bronnadh Gradam na Ceannaireachta Aonair don tréimhse 2023/24 ar bhronntóirí anaithnide OCBÁC, agus bhí Community Foundation Ireland ann mar ionadaí dóibh. Bronnadh Gradam na Ceannaireachta Foirne ar Stiúrthóir Insight Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, an tOllamh Noel O’Connor, mar gheall ar a chuid oibre i gcomhpháirtíochtaí lena gcuirtear daonchairdeas chun cinn a chothú. Bronnadh Gradam na Ceannaireachta Corparáidí ar KPMG mar aitheantas dá gcomhpháirtíocht leantach leis an ollscoil agus a dtacaíocht daonchairdis do mhic léinn OCBÁC le blianta.
Cuimhneachán
I mí Dheireadh Fómhair 2023, bhí an Ollscoil faoi bhrón i ndiaidh bhás Chuck Feeney, daonchara iomráiteach. Chuir an tUasal Feeney, a thacaigh le ‘Giving While Living’, €175 milliún le forbairt OCBÁC. Cuireadh le tógáil an Héilics, Ionad Spórt OCBÁC agus Leabharlann Uí Raghallaigh, i measc príomháiseanna eile, lena fhlaithiúlacht. Thug an tUasal Feeney breis agus $8 billiún dá shaibhreas do charthanacht trí mheán Atlantic Philanthropies. Reáchtáladh imeacht i mí na Samhna 2023 ar Champas Choláiste Phádraig na hOllscoile le haghaidh thíolacadh Léachtlann Eileen Randles. Bhí Eileen ina comhalta de Shiúracha Loreto, agus meastar gur duine is mó tionchar í i dteacht chun cinn an chórais scoile in Éirinn. Bhí roinnt ról ceannaireachta aici, lena n-áirítear príomhoide scoile, ceannaire pobail agus comhalta den chomhairle cúige. Ina dhiaidh sin, bhí sí mar uachtarán Institiúid Oideachais Mater Dei, ceann de na hinstitiúidí a tugadh isteach in OCBÁC sa bhliain 2016.