Fáilte ón Uachtarán 2023-2024
An tOllamh Dáire Keogh
Ba bhliain eile de bhorradh agus de ghaisce a bhí ann don Ollscoil, bliain le bheith bródúil aisti. Chun ár bhfuinneamh a chothabháil, ní mór dúinn ár súile a choinneáil ar an méid atá romhainn chomh maith. Tá an cur chuige seo leabaithe i dteideal ár straitéise nua ollscoile, ‘Bunathrú do Thodhchaí gan Script’, leis an bhfís do OCBÁC mar ‘phríomhollscoil nuálach na hEorpa’. I gcroílár na straitéise, tá ár dtreoirphrionsabail sainmhínithe mar seo a leanas, Daoine, Aird agus Tionchar.
Is ollscoil ‘tús áite do dhaoine’ muid a bhfuil aird ghrinn againn chun cur lenár láidreachtaí agus ár réimsí sármhaitheasa chun tionchar a ‘bhunathraíonn saolta agus sochaithe’ a sholáthar.
Sa tuarascáil seo, tá súil agam go n-aimseoidh tú go ndéantar na prionsabail sin a ionadú go láidir. Lean ár bpobal taighde le teorainneacha a shárú agus tionchar a sholáthar. Bhí torthaí sláinte á gcur chun cinn acu trí theiripic ailse agus réitigh bhithmheicniúla; ardábhair den chéad ghlúin eile a phlé, inrochtaineacht a mhéadú trí nuálaíocht dhigiteach, agus na dúshláin a bhaineann le fuathchaint ar líne a phlé.
Táimid an-bhródúil as ár mic léinn lena mbuanna agus athléimneacht, amhail na chéad chéimithe ón mBaitsiléir Oideachais trí mheán Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, a bronnadh a gcéimeanna orthu i mí Dheireadh Fómhair 2024. Tá mic léinn fós i gcroílár gach rud a dhéanaimid, agus i mbliana fuaireamar dea-dheimhniú maidir le cáilíocht ár dteagaisc agus ár bhfoghlama, mar chuaigh OCBÁC in airde sa rangú idirnáisiúnta ollscoileanna. Anuas air sin, bhain Scoil Ghnó OCBÁC ‘an choróin thriarach’ amach a bhfuil an-tóir air sa chreidiúnú idirnáisiúnta.
Is iad na daoine is mó a chuireann leis an Ollscoil, agus sa tuarascáil seo, feicfidh tú na bealaí go léir lena gcuireann foireann OCBÁC le misean na hOllscoile. Leagtar béim ar ár dtiomantas chun ‘luach ár bpobal foirne a ardú agus iad a fhorbairt’ inár straitéis nua. Bronnadh Gradam Airgid Athena Swan ar an Ollscoil, lena ndeimhnítear ár ndul chun cinn ó thaobh OCBÁC mar ionad oibre inar féidir le rath a bheith ar gach duine de. Tá súil agam go léirítear i léirmheas na bliana seo cultúr dearfach OCBÁC, Ollscoil atá fós ag fás ar an uile dhóigh.
Le meas,
An tOllamh Dáire Keogh
Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath