Straitéis 2023-2024
I Straitéis 2023 - 2028 OCBÁC, feictear go bhfuil an Ollscoil ag dul ar aghaidh lena misean chun ‘saolta agus sochaithe a bhunathrú’, i mbun a seacht ndícheall chun bheith ina hOllscoil Eorpach nuálach cheannródaíoch, a bhfuil idirdhealú déanta aici as cáilíocht na taithí in OCBÁC, agus tionchar ár dteagasc agus ár dtaighde ar ár bpáirtithe leasmhara agus ar shaincheisteanna domhanda.
Is ionann an Straitéis, atá á hóstáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe, agus toradh próisis mhóir rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara thar roinnt blianta. Beidh an suíomh gréasáin de shíor ag athrú agus á nuashonrú go rialta, le nuacht maidir le tionscnaimh agus chun béim a leagan ar shamplaí den straitéis faoi lán seoil.
Agus é ag labhairt ag an seoladh ag an Héilics, dúirt an tOllamh Dáire Keogh: “Díreoidh an Ollscoil, arna stiúradh ag ár straitéis nua, ar na réimsí sármhaitheasa atá cruthaithe chun a chinntiú gur féidir linn fíorthionchar a chruthú, agus na torthaí is fearr a bhaint amach a sheachadadh dár mic léinn, dár mbaill foirne agus dár bpáirtithe leasmhara.”
Dúirt Leas-Uachtarán OCBÁC Anne Sinnott: “Den chéad uair, tá straitéis atá go hiomlán digiteach cruthaithe ag OCBÁC. Mar aon le bheith inbhuanaitheach, leis an bhformáid ar líne ligtear dúinn doiciméad beo a chruthú a athróidh de réir mar a fhorbraíonn an Ollscoil sa chéad chúig bliana eile.”