DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin

Taighde 2023-2024

Trí mheán mórthionscnamh amhail Institiúid Eolaíochtaí na Beatha nua mar aon le réimse torthaí suntasacha ar fud a ndámh, cuireadh le clú agus tionchar taighde na hOllscoile go fóill.

Taighde a Chur Chun Cinn

Tugadh aitheantas do OCBÁC le fada i dtaca le sármhaitheas an taighde in Eolaíocht na Beatha, agus i mí Aibreáin 2024, seoladh mórthionscnamh nua ag an Ollscoil lena ndírítear ar an gclú sin a mhéadú — Eolaíochtaí na Beatha OCBÁC (LSI). Is aitheantas é cruthú LSI den tábhacht a bhaineann leis an réimse chun réitigh a chruthú i réimsí éagsúla ón gcomhshaol go sláinte an duine. Tá breis agus 70 foireann taighde trasdisciplíneacha LSI, leis an misean chun ‘Dúshláin a bhunathrú ina dTionchar’, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i réimsí amhail an chóireáil ailse, an mhonatóireacht chomhshaoil, cothú an duine, an bhithphlaisteach agus an néareolaíocht. Is forbairt shuntasach eile do OCBÁC é seoladh an chéad fhoilseacháin ag Cló OCBÁC. Tá an t-inphrionta foilsitheoireachta nua seo, atá ina chomhthionscnamh idir Leabharlann OCBÁC agus Oifig an Leas-Uachtaráin um Thaighde, mar an chéad chló ollscoile um rochtain oscailte de chuid na hÉireann. Cuirtear rochtain atá saor in aisce, láithreach agus domhanda ar fáil ar fhoilseacháin acadúla nua OCBÁC ar líne trí Chló OCBÁC.  I mí Aibreáin 2024, seoladh an chéad fhoilseachán ag an gcló – ‘Statecraft and Foreign Policy: India, 1947–2023’, leis na húdair an tOllamh Subrata K. Mitra, an Dr Jivanta Schottli agus an Dr Markus Pauli. Beidh príomhról ag taighdeoirí i nDámh na hInnealtóireachta agus Ríomhaireachta, OCBÁC i gcéim a dó den Ionad Taighde SFI I-Form. Trí mheán infheistíocht €25m, tacófar go díreach le 5 taighdeoirí Iardhochtúireachta agus 8 taighdeoirí PhD i réimse na hard-déantúsaíochta ag OCBÁC. I gcéim sé bliana an ionaid, beidh obair I-Form dírithe ar réitigh nua a chur ar fáil do Dhigitiú agus Inbhuanaitheacht na hard-déantúsaíochta.

 

Sláinte an Duine

Ar fud dhámha OCBÁC, tá ár dtuiscint ar shláinte agus iompar an duine curtha chun cinn ag taighdeoirí. Baineadh garsprioc amach nuair a ceadaíodh ‘Ainmniú de Ghléas Ceannródaíoch’ ag Federal Drug Administration de chuid SAM do nuálaíocht OCBÁC chun bristeacha cnámha a chóireáil. Bhí taighdeoirí ag Biodesign Europe OCBÁC i gcomhpháirt le cuideachta feiste leighis na hÉireann PBC Biomed chun OsStic®, bithghreamachán in-insteallta a úsáidtear chun bristeacha a leigheas, a fhorbairt. Ag Scoil na nEolaíochtaí Ceimiceacha, d’éirigh le taighdeoirí cealla ailse Paincréasaí a bhí frithsheasmhach in aghaidh drugaí a leigheas i suíomh saotharlainne. Tá an córas seachadta nua bunaithe ar cháithníní micreascópacha ar a dtugtar ‘carb-nanoinniúin’ agus is féidir iad a lódáil le leigheas agus a dhíriú chun codanna ar leith den chorp a shroicheadh. I mí na Samhna 2023, fógraíodh tionscadal SignON OCBÁC mar bhuaiteoir na Duaise um Thaighde Gníomhach na Bliana 2023. Tá an tionscadal dírithe ar an mbearna chumarsáide idir Dhaoine Bodhra, Daoine Breacbhodhra (DHH) agus daoine éisteachta a dhruidim trí chruthú seirbhísí aistriúcháin inrochtana arna gcumhachtú ag intleacht shaorga úrscothach. Idir an dá linn, léirigh taighdeoirí i Scoil na Sláinte agus Feidhmíochta Daonna go bhfuil báireoirí ‘éagsúil’. Leagadh béim sa staidéar ar na difríochtaí braistinte idir bháireoirí gairmiúla agus imreoirí na páirce amuigh. Aimsíodh go bhfuil cumas níos airde ag báireoirí chun ionchuir chéadfacha a chur le chéile go pras agus go beacht, lena mbaintear an bláth d’imreoirí na páirce amuigh sa réimse seo.

 

Dúshláin a Dhíchódú

Pléadh réimse saincheisteanna práinneacha a bhaineann leis an tsochaí trí mheán obair thaighdeoirí OCBÁC chomh maith. Aimsíodh in Ionad Frithbhulaíochta OCBÁC go bhfuil ábhar frithbhanda agus forcheannasaíoch fireannach á mhéadú ar roinnt ardán de chuid na meán sóisialta. Sa staidéar, rinne taighdeoirí an t-ábhar a moladh do 10 gcuntas trialacha nó ‘aghaidh fidil ar líne’ ar 10 nguthán cliste folmha - cúig cinn acu ar YouTube Shorts agus cúig cinn ar TikTok, a rianú, a thaifead agus a chódú. D’aimsigh na taighdeoirí gur tugadh ábhar fireannach, frithfheimineach agus ábhar antoisceach eile do gach ceann de na cuntais a aithníodh mar fhir, beag beann má lorg siad ábhar forcheannasaíoch ginearálta nó fireann nó nár lorg, agus bhí an t-ábhar sin faighte acu go léir laistigh den chéad 23 nóiméad den turgnamh. Sa chnuasach céaduaire, Police Custody in Ireland, dírítear ar choinneáil i stáisiúin an Gharda Síochána, agus déantar grinnscrúdú air ó dhearcthaí chearta an duine agus dea-chleachtais. Leagtar amach sa leabhar, curtha in eagar ag an Ollamh Yvonne Daly ó Scoil an Dlí agus Rialtais, OCBÁC cúiseanna imní suntasacha maidir leis an easpa maoirseachta i gcoimeád póilíneachta in Éirinn agus an gá le tacaíochtaí agus cosaintí breise a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine leochaileacha. Nochtadh i dtaighde ó Scoil na Cumarsáide go raibh caingean in aghaidh aon trian d’iriseoirí na hÉireann le cúig bliana anuas. Aimsíodh sa staidéar ‘Irish Journalists at Work’, a scríobh an Dr Dawn Wheatley i gcomhar leis an Ollamh Kevin Rafter, go raibh taithí faireachais ag 25% iriseoirí le cúig bliana anuas, agus bhí taithí stalcaireachta ag 11% acu. 

 

Léargas Gnó

I Scoil Ghnó OCBÁC, leagadh béim ar bhearnaí idir an fhorbairt tionsclaíoch agus na spriocanna beartais athraithe aeráide i dtaighde úrnua. De réir mar atá gnólachtaí na hÉireann ag díriú ar neodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050, d’aimsigh na taighdeoirí coimhlintí bunúsacha idir fhorbairt tionsclaíoch bheartaithe na hÉireann agus spriocanna aeráide an stáit. D’aimsigh taighdeoirí i Lárionad Náisiúnta Gnó Teaghlaigh OCBÁC go bhfuil Éire ag dul a bealach féin ar bhonn idirnáisiúnta maidir le comharbas i bhfiontair faoi úinéireacht teaghlaigh. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh seans níos mó go mbeidh fear ina chomharba seachas bean, de réir na ndaoine a rinneadh suirbhéireacht orthu, agus go mbraitheann na fir leibhéal ‘úinéireachta shíceolaíoch’ an ghnó atá i bhfad níos airde. Seoladh taighde úrnua ar an tionscal eitlíochta i bhfoirm foilseacháin nua Air Traffic Management - Principles, Performance, Markets. Sa chnuasach, pléitear réimse den earnáil nach ndéantar mórán taighde air, agus cuirtear léargas ar fáil maidir leis na bunphrionsabail, leis an bhfeidhmíocht agus leis an dinimic mhargaidh a úsáidtear chun réimse na bainistíochta aerthráchta a shainmhíniú sa chomhthéacs reatha.

 

Aird ar Scoileanna

Bhí tionchar suntasach ag baint le taighde agus tionscnaimh ó Institiúid Oideachais OCBÁC le linn na bliana. Thug breis agus 40 ball den Institiúid faoi léirbhreithniú an-mhór ar an litríocht a bhí mar bhonn taca do Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití nua na hÉireann. Beidh tionchar ag an straitéis 10 mbliana ar chóras oideachais na hÉireann agus ar fhoghlaimeoirí ó bhreith go haois duine óig fhásta. D’fhoilsigh taighdeoirí san Institiúid tuarascáil a bhí ina céim mhór chun cinn chomh maith ina ndéantar iniúchadh ar thorthaí ó Chlár na Scoileanna Cruthaitheacha, a tugadh isteach i roghnúchán de bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na hÉireann sa bhliain 2018. Bhí rannpháirtithe i scoileanna agus in ionaid thar a bheith dearfach i dtaobh a n-eispéireas. I go leor cásanna, bhí athruithe sa chaoi a bhraitheann daltaí faoina n-áit sa scoil, mar aon le feabhsúcháin ar éadan na scoile ann mar gheall ar an gclár.