Tionchar agus Rannpháirtíocht 2023-2024
Inbhuanaitheacht a Spreagadh
Sa bhliain 2023, chuaigh OCBÁC chun tosaigh sna 150 ollscoil ar domhan ar barr rangaithe i Rangú Inbhuanaitheachta QS domhanda. Déantar iniúchadh sa rangú ar an gcaoi atá institiúidí tríú leibhéal ag dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus shóisialta an domhain. Léirítear san ardú tiomantas na hOllscoile chun cinntí a chuirfidh le heagraíocht shaor ó charbón, agus chun inbhuanaitheacht a neadú i gcroílár an teagaisc agus na foghlama, taighde, forbartha agus nuálaíochta. Is príomhspreagadh í an fhorbairt inbhuanaithe do straitéis OCBÁC 2023-2028,Bunathrú do Thodhchaí gan Script.
Comhpháirtíochtaí Nua
Tá cothú comhpháirtíochtaí fiúntacha in éagsúlacht chomhthéacsanna thar a bheith tábhachtach do rath straitéis rannpháirtíochta na hOllscoile. Le bliain anuas, cuireadh roinnt comhpháirtíochtaí suntasacha nua le OCBÁC. Síníodh meabhrán tuisceana le Coláiste an Gharda Síochána agus déanfar comhoibriú amhail oideachas feidhmiúcháin agus cúrsaí micridhintiúr a phlé. Cuireadh naisc na hOllscoile le hInstitiúid Breisoideachais Dhroichead Átha (DIFE) mar síníodh comhaontais lena gcruthaítear conairí do mhic léinn DIFE chuig raon chláir OCBÁC san Eolaíocht, Dlí agus Gnó. Forbraíodh an chomhpháirtíocht mar fhreagra ar mholtaí thuairisc Geiran a bhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste i gceantar Dhroichead Átha. Síníodh Meabhrán Tuisceana le Accenture ag an Ollscoil chomh maith lena ndírítear ar a comhoibriú fadbhunaithe a chur chun cinn trí mheáin taighde agus deiseanna eile. Aithnítear sa cháipéis tiomantas comhroinnte an dá pháirtí chun an chomhpháirtíocht idir an ollscoil agus an tionsclaíocht a neartú.
Rannpháirtíocht Idirnáisiúnta
Tá tionchar ag taighde agus ag saineolas OCBÁC ar bhonn idirnáisiúnta chomh maith. Le linn na bliana, tugadh cuairt ar an Ollscoil ag toscaireacht á stiúradh ag Príomh-Aire na Cosaive, Albin Kurti. Óstáladh an chuairt ag Institiúid um Réiteach Coinbhleachta agus Atógáil Idirnáisiúnta OCBÁC agus cuireadh fóram ar fáil chun na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ó Phróiseas na Síochána Thuaisceart Éireann don tsíochánaíocht sa Chosaiv agus sna Balcáin Thiar a phlé.
Tionchar ar Oideachas
Baineadh an chéim amach ag an gcéad chohórt ón Dioplóma Iarchéime nua san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte/Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OSPS/OCG) i mí Dheireadh Fómhair. Ba é an chéad chlár, arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais, chun forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí atá i mbun OSPS/OCG a mhúineadh i meánscoileanna. I ngarsprioc eile, bhí clárúchán 100 faoin gcéad de scoileanna i gClár um Fhrithbhulaíocht agus Shábháilteacht ar Líne FUSE, arna fhorbairt ag Ionad Frithbhulaíochta (ABC) OCBÁC. Tá 14 cheardlann sa chlár FUSE deartha chun muinín a mhéadú i gcumas daoine óga chun cásanna bulaíochta a shainaithint agus a láimhseáil i láthair go pearsanta agus ar líne, mar íospartach nó mar fhianaiseach. Lena linn sin, ainmníodh Leabharlann OCBÁC do ghradam Times Higher Education mór le rá mar gheall ar a clár Tacaíochtaí Ardteistiméireachta Walls into Walkways, lena gcuirtear rochtain ar fáil saor in aisce do spásanna staidéir na leabharlainne ar dhá champas do dhaltaí na hArdteistiméireachta.
Seirbhísí Tacaíochta
Le míonna anuas, bhí aird ar thaighde agus ar thionscnaimh dírithe ar ionchuimsiú a chur chun cinn. Síníodh Meabhrán Tuisceana idir an Ollscoil agus Vision Ireland ag Wayfinding Centre na heagraíochta. Cuireann sé sin le roinnt comhoibrithe le déanaí, go háirithe le Insight, Ionad Fhondúireacht Eolaíochta Éireann d’Anailísíocht Sonraí, agus Institiúid Oideachais OCBÁC. Idir an dá linn, aimsíodh i staidéar taighde nua gur féidir daoine Uathacha a chabhrú chun dul isteach i saol na hoibre ar bhealach níos rathúla trí chláir idirthréimhseacha. Tá an staidéar bunaithe ar iniúchadh Chlár Spreagtha Aistrithe Gairme Fhiúntaigh agus Fhórasaigh (IMPACT) na Seirbhísí Uathachais Gheel, a dearadh chun tacú le haistriú iomlánaíoch do dhaoine fásta Uathacha chuig fostaíocht trí mheán oiliúna i láthair go pearsanta agus ar líne ar feadh thréimhse shé seachtaine.
Taighde le Tionchar
Tugadh aghaidh ar shaincheisteanna móra na sochaí i roinnt staidéir OCBÁC le déanaí. Pléadh bealaí chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta i dtuarascáil ó OCBÁC agus Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath Aimsíodh go bhféadfadh aird spriocdhírithe ar aonaid fholmha ‘os cionn siopa’ chun foinse nua tithíochta a chur ar fáil in Éirinn, chun suíomhanna uirbeacha a athnuachan agus chun foirgnimh oidhreachta a chaomhnú ar bhealach éifeachtach ar fud na hÉireann. Lena linn sin, pléadh sa staidéar FarMHealth tuiscint mheabhairshláinte agus iompraíocht cabhair-éilitheach fheirmeoirí na hÉireann. Aimsíodh gur bacainní iad easpa feasachta ar chomharthaí droch-mheabhairshláinte, smál sóisialta, féin-náiriú, noirm tuaithe fireann agus drochthacaíocht shóisialta lena gcuirtear cosc ar fheirmeoirí chun cabhair a lorg ó sheirbhísí meabhairshláinte. Ag an am céanna, aimsíodh i staidéar OCBÁC go bhfuil tuiscint teoranta sláinte ag thart ar 40% de dhaoine fásta in Éirinn, agus bíonn tionchar aige sin ar a gcumas chun sláinte phearsanta a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus chun idirghníomhú le seirbhísí cúraim sláinte. Ba thionscadal comhpháirteach í Tuarascáil um Thuiscint Sláinte Pobal Sláinte de chuid Sláintecare idir phobail i Maigh Eo agus sa Chabrach/Fionnghlas, agus tugadh faoin taighde príomha ag OCBÁC.