SEALBHÚ header
SEALBHÚ

Ag Tacú le Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge

Supporting the Teaching and Learning of Irish

Scoláireacht PhD Sealbhú: Deis nua chun taighde a dhéanamh ar Theagasc & Foghlaim na Gaeilge le Sealbhú, lárionad taighde DCU. Déan d'iarratas anois!

Réamhrá

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ollscoil óg, uaillmhianach, bhríomhar is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (www.DCU.ie) a bhfuil de mhisean aici ‘an saol agus an tsochaí a chlaochlú tríd an oideachas, taighde, nuálaíocht agus rannpháirtíocht’. Is fearr eolas uirthi in Éirinn mar ‘Ollscoil na Fiontraíochta agus an Chlaochlaithe’, agus tá sí tiomanta do chothú na tallainne, mar aon le haimsiú agus aistriú an eolais chun leas na sochaí agus an gheilleagair a chur chun cinn. Tá cúig dhámh san ollscoil agus is ionad taighde trasdáimhe idir Institiúid an Oideachais agus Dámh na Daonnachtaí agus na hEolaíochtaí Sóisialta é Sealbhú. Is í Institiúid an Oideachais an t-aon Dámh oideachais amháin in Éirinn agus tá saineolaithe oideachasúla den scoth ag obair inti. 

Sealbhú 

Is ionad taighde é Sealbhú a dhíríonn ar thaighde ar bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus le hábhair ghaolmhara. Bíonn tionchar ag obair an ionaid ar chúrsaí oideachais agus ar an bpleanáil teanga in Éirinn. Bíonn baill den ionad ag obair i gcomhpháirt le comhghleacaithe i ndlínsí eile a bhfuil spéis acu i dteagasc agus i bhfoghlaim mionteangacha. Bíonn baill Sealbhú ag obair ar thionscadail taighde atá maoinithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le teagasc agus foghlaim mionteangacha a chur chun cinn. Tá sé mar fhís ag Sealbhú teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn ag gach leibhéal oideachais in Éirinn. 

Na Scoláireachtaí

Tá Sealbhú ag tairiscint dhá scoláireacht PhD pháirt-aimseartha thar sé bliana (Táillí AE thar sé bliana) do na hiarrthóirí cuí. Clúdóidh an maoiniú táillí bliantúla agus tá €1,000 san áireamh chun tacú leis an iarrthóir freastal ar chomhdhálacha. Bronnfar dhá scoláireacht: 

  • Scoláireacht a hAon: Díreoidh an taighde ar ghné ar leith de theagasc agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Foghlaimíonn mórchuid de leanaí agus daoine óga an Ghaeilge i suíomhanna meán-Bhéarla agus ní mór go mbeadh na heispéiris ab fhearr agus ab fhéidir acu chun dul i ngleic leis an teanga. Aithnítear sa taighde reatha gur gá tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna litearthachta sa Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla agus cuirfear fáilte ar leith roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu sa topaic seo.  Beidh sé mar aidhm ag an taighde tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge san oideachas meán-Bhéarla. 
  • Scoláireacht a Dó:  Díreoidh an taighde ar ghné ar leith de theagasc agus foghlaim na Gaeilge i suíomhanna meán-Bhéarla nó i suíomhanna Gaeltachta/lán-Ghaeilge. Cuirtear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu tacú le foghlaim/ sealbhú na Gaeilge i suíomhanna meán-Bhéarla nó i suíomhanna Gaeltachta/lán-Ghaeilge. 

Critéir 

Ba chóir d’iarrthóirí na critéir seo a chomhlíonadh. 

  • Buneolas láidir faoi theagasc agus foghlaim na Gaeilge, agus teagasc agus foghlaim teangacha breise/ an dara teanga/ mionteangacha
  • Céim mháistreachta i réimse ábhartha
  • Ardchumas i scileanna teanga ó bhéal agus scríbhneoireachta, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
  • An cumas obair ar bhonn neamhspleách agus go comhoibríoch chun sprioc taighde a bhaint amach

Cuirfear agallamh ar iarrthóirí atá ar an ngearrliosta. Is gá gach riachtanas a chomhlíonadh maidir le tabhairt faoi staidéir dhochtúireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath PGR eligibility criteria for applicants

Is féidir ceisteanna neamhfhoirmiúla a chur chuig an Dr Aisling Ní Dhiorbháin aisling.nidhiorbhain@dcu.ie 

An Próiseas Iarratais

  • Cuir na doiciméid seo a leanas i pdf amháin chuig sealbhu@dcu.ie Cuir Maidir le Scoláireacht PhD Sealbhú in ábhar an ríomhphoist.
  • Litir chumhdaigh
  • CV, lena n-áirítear liosta foilseachán (más ann dó), agus ainmneacha beirt mholtóirí
  • Cóip den teastas céime nó tras-scríbhinn
  • Dréacht-togra taighde - bain úsáid le do thoil, as an teimpléad seo

Tabhair faoi deara gurb é sprioc an dréacht-togra seo ná deis a thabhairt don iarrthóir na cumais chuí a léiriú. I ndiaidh an phróisis roghnúcháin, d’fhéadfaí athruithe agus leasuithe suntasacha teacht ar an togra.

Mar aon leis sin, cuir isteach: cóip den tráchtas Máistreachta

Is é an spriocdháta chun iarratas a chur isteach ná 5.00 i.n. ar an 23 Márta 2026

Introduction

Dublin City University (DCU) is a leading innovative European University, proud to be one of the world’s leading Young Universities. DCU is known as Ireland’s University of Impact, with a mission to ‘transform lives and societies’ and focuses on addressing global challenges in collaboration with key national and international partners and stakeholders. There are five faculties in the university and Sealbhú is a cross-faculty research centre between the Institute of Education and the Faculty of Humanities and Social Sciences. Educational experts of exceptional standard work within the Institute of Education which is the only Faculty of Education in Ireland. 

Sealbhú 

Sealbhú is a research centre focused on research on the teaching and learning of Irish and related areas. The work of the centre impacts on educational matters and language planning in Ireland. Sealbhú members work with partners in other jurisdictions who seek to promote the teaching and learning of minority languages. Sealbhú members work on national and internationally funded projects to advance the teaching and learning of minority languages. It is Sealbhú’s vision to advance the teaching and learning of Irish at all levels of education in Ireland. 

The Scholarships

Sealbhú is now offering two six-year part-time funded PhD Scholarships (EU Fees over six years) to suitable candidates. The funding will cover part-time fees per annum and there is an extra €1,000 in total to support attendance at conferences. Two scholarships will be awarded: 

  • Scholarship One: The research will focus on an aspect of the teaching and learning of Irish in English-medium schools. The vast majority of children and young people learn Irish in English-medium settings and it is important that they have the best possible opportunities to engage with the language.  The development of literacy skills in Irish has been identified in recent research as a priority area to advance the teaching and learning of Irish in English-medium schools; applicants who are interested in focusing on this area are particularly welcomed.  It is envisaged that this research will support the teaching and learning of Irish in English-medium education. 
  • Scholarship Two: The research will focus on an aspect of teaching and learning Irish in English-medium settings or in Gaeltacht/ Irish-medium settings. Applicants who are interested in supporting the learning/acquisition of Irish in English-medium or in Gaeltacht/Irish-medium settings are invited to apply. 

Criteria

Applicants should have:

  • A strong foundational knowledge of the teaching and learning of Irish and the teaching and learning of additional/second/minority languages
  • A master’s degree in a relevant area
  • High competence in oral and writing skills in Irish and English
  • The ability to work independently and collaboratively to achieve research goal

Shortlisted candidates will be interviewed and the award is contingent on the applicant meeting all of the requirements for admission to doctoral studies at DCU PGR eligibility criteria for applicants

Informal queries may be directed to Dr Aisling Ní Dhiorbháin aisling.nidhiorbhain@dcu.ie

Application Process 

Please email the following documents as a single pdf to sealbhu@dcu.ie, with Sealbhú PhD Scholarship in the subject bar of the email.

  • Cover Letter
  • CV, including a list of publications (if available) and the names of two academic referees
  • A copy of your degree certificate or transcript
  • Draft research proposal - please use this template

Note that the purpose of this draft proposal is to allow the candidate to demonstrate the necessary competencies. Following the selection process, the proposal may undergo substantial changes and refinement.

In addition, please attach:

- A copy of your Master’s dissertation

Closing date for receipt of applications is 5pm 23 March 2026