Staidéar agus Athbhreithniú Leantach ar Luathchur i bhfeidhm Shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2)

Staidéar agus Athbhreithniú Leantach ar Luathchur i bhfeidhm Shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2)

Príomhthaighdeoirí: An Dr Aisling Ní Dhiorbháin & An Dr Sarah O'Grady

Foireann an Taighde: An Dr Seán Mac Risteárd, An Dr Sinéad Andrews & Pearse Ahern 

Tá an taighde seo coimisiúnaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). 

Cad faoi atá an tionscadal taighde? 

Cuireadh múnla soláthair idirdhealaithe ar fáil do theagasc agus foghlaim na Gaeilge sa tSraith Shóisearach i 2017.  Ag leanúint ón Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1&T2 don tSraith Shóisearach (Mac Gearailt & Ó Duibhir, 2023), tá sé mar aidhm ag an taighde seo, staidéar agus athbhreithniú leantach a dhéanamh ar luathchur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1&T2) i scoileanna iar-bhunléibhéil in Éirinn.  Is taighde ilghnéitheach modhanna measctha atá sa taighde seo atá coimisiúnaithe ag an CNCM.  Déanfaidh an taighde iniúchadh ar an taithí agus ar na tuairimí dóibh seo atá ag dul i ngleic le sonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2) agus atá á gcur i bhfeidhm thar thréimhse trí bliana. Tá sé mar aidhm ag an taighde léargas a fháil ar thaithí agus ar thuairimí múinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge, scoláirí agus gairmithe eile scoilbhunaithe  (m.sh. Cúntóirí Teanga Gaeilge, Comhordaitheoirí Ranna na Gaeilge, Cúntóirí Riachtanais Speisialta, Príomhoidí) maidir le cur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 & T2) i réimse an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe. Baileofar léargais chomh maith ó thuismitheoirí/chaomhnóirí agus baileofar aighneachtaí scríofa ó pháirtithe leasmhara oideachais ar bhonn níos leithne.  

Díreoidh an taighde ar chohórt scoláirí i scoileanna cás-staidéir a thosaigh ar an tSraith Shóisearach i Meán Fómhair 2023. Baileofar sonraí ó ghrúpaí fócais/agallaimh le múinteoirí agus gairmithe eile scoilbhunaithe i mBliain 1 agus i mBliain 3. Tabharfar cuireadh do scoláirí páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais ar láthair na scoile i mBliain 2 agus i mBliain a 3. Beidh deis ag tuismitheoirí agus ag caomhnóirí sna scoileanna cás-staidéir ag gcuid tuairimí a roinnt i suirbhé anaithnid i mBliain 3.  Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara san oideachas aighneacht scríofa a dhéanamh maidir le soláthar shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí i mBliain 3. Tabharfar cuireadh do gach múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge páirt a ghlacadh i suirbhé náisiúnta i mBliain 2 agus i mBliain a 3. Tá faomhadh eitice faighte ag an tionscadal taighde seo ó Choiste Eitice Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (REC): DCUREC/2023/263.

Is iad seo na príomhcheisteanna a threoróidh an taighde: 

  1. Cad é an taithí atá ag múinteoirí agus scoláirí ar chur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 agus T2) i réimse an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe agus cad iad na tuairimí atá acu ina leith?

  2. Cad é an taithí atá ag páirtithe leasmhara ar na tacaíochtaí atá ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an tsoláthair agus na sonraíochtaí, agus cén constaicí más ann dóibh, atá ann don chur i bhfeidhm?

  3. An dtagann cur i bhfeidhm na sonraíochtaí  le réasúnaíocht agus le haidhmeanna na sonraíochtaí uasdátaithe (T1 agus T2) don Ghaeilge sa tSraith shóisearach, agus leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015) ar bhonn níos leithe?

Más príomhoide scoile tú agus má tá spéis ag do scoilse páirt a ghlacadh sa taighde seol ríomhphost chuig sealbhu@dcu.ie roimh 5:00 i.n. 29 Feabhra 2024. 

Tabhair faoi deara le do thoil nach gcinntíonn léiriú spéise go roghnófar do scoilse le bheith mar scoil chás-staidéir. Beidh SEALBHÚ i dteagmháil leat maidir le toradh do léirithe spéise. 

Má tá ceisteanna agat faoin taighde téigh i dteagmháil le: sealbhu@dcu.ie 

Breis eolais faoin taighde

Cé atá i mbun an taighde?   

Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch choimisiúnaigh an CNCM foireann taighdeoirí ó SEALBHÚ: Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge le tabhairt faoin taighde. 

Tá réimse leathan taithí ag foireann taighde SEALBHÚ ag tabhairt faoi thaighde i scoileanna agus le páirtithe leasmhara san oideachas. Tá sé léirithe ag SEALBHÚ go n-éiríonn leo  tionscadal taighde i gcrích go rathúil trí mheán na Gaeilge. Beidh grúpa comhairleoirí a bhfuil saineolas acu ar thaighde curaclaim, ar thaighde ar an nGaeilge agus ar mhodheolaíochtaí taighde ag tabhairt tacaíochta don fhoireann taighde chomh maith. 

Cad atá i gceist le “T1" agus “T2”?

Faoi láthair tá dhá shonraíocht ann don Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí. Tagraíonn T1 agus T2 do phríomhtheanga na scoile - scoileanna T1 agus scoileanna T2. Tá an tsonraíocht T1 curtha i bhfeidhm i scoileanna T1 a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile i scoileanna T1. Leantar an tsonraíocht T1 i roinnt scoileanna T2 nuair a bhíonn aonad nó sruth lán-Ghaeilge ann. Cuirtear an tsonraíocht T2 i bhfeidhm i scoileanna T2 arb é Béarla an meán teagaisc iontu agus inar múintear an Ghaeilge mar ábhar scoile.  Is scoileanna T2 iad mórchuid de na scoileanna ag leibhéal na hiar-bhunscoile.  

Cad atá i gceist le modhanna measctha? 

Is éard atá i gceist le taighde modhanna measctha ná go mbaileofar sonraí cainníochtúla agus sonraí cáilíochtúla sa taighde seo. Bainfear leas as réimse uirlisí taighde lena n-áirítear agallaimh/grúpaí fócais aghaidh ar aghaidh nó ar líne le múinteoirí agus gairmithe eile scoile, grúpaí fócais aghaidh ar aghaidh le scoláirí, suirbhéanna anaithnide ar líne le múinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge, suirbhé anaithnid le tuismitheoirí/chaomhnóirí agus aighneachtaí scríofa ó pháirtithe leasmhara. 

Cad is ciall le taighde ilghnéitheach?

Ciallaíonn ilghnéitheach go mbaileofar sonraí faoi thaithí agus tuairimí daoine éagsúla lena n-áirítear múinteoirí, scoláirí, gairmithe eile scoile (m.sh. cúntóirí teanga, cúntóirí riachtanais speisialta, príomhoidí), tuismitheoirí/caomhnóirí agus páirtithe leasmhara oideachais. Tá trí chéim sa taighde trí bliana seo. 

Cad iad na sonraí a mbaileofar ag gach céim den taighde? 

Céim a hAon 2023/2024
Céim a hAon 2023/2024

Grúpaí fócais/agallaimh le múinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge agus le gairmithe eile scoile ar an láthair i scoileanna cás-staidéir nó ar chuntas zoom de chuid DCU.

Céim a Dó 2024/2025
Céim a Dó 2024/2025

Suirbhé anaithnid ar líne do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge (#1) a bheidh roinnte le gach iar-bhunscoil agus grúpaí fócais aghaidh ar aghaidh le scoláirí i scoileanna cás-staidéir.

Céim a Trí 2025/2026
Céim a Trí 2025/2026

Suirbhé anaithnid ar líne do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge (#2) a bheidh roinnte le gach iar-bhunscoil, grúpaí fócais aghaidh ar aghaidh le scoláirí i scoileanna cás-staidéir, grúpaí fócais/agallaimh le múinteoirí agus gairmithe eile scoile i scoileanna cás-staidéir, suirbhé anaithnid le tuismitheoirí/caomhnóirí i scoileanna cás-staidéir agus aighneachtaí scríofa ó pháirtithe leasmhara a bheidh cuireadh faighte acu. 

Trí leas a bhaint as an dearadh taighde seo beidh sé d’acmhainn ag an taighde eolas a thabhairt dúinn ar an taithí  atá ag scoláirí, ag múinteoirí agus ag gairmithe eile scoile ar chur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1&T2) in iar-bhunscoileanna. Beidh sé d’acmhainn ag an taighde léargais a thabhairt ar an taithí  atá ag páirtithe leasmhara ar na tacaíochtaí atá ar fáil maidir leis an soláthar agus cur i bhfeidhm na sonraíochtaí, agus cén constaicí más ann dóibh atá ann don chur i bhfeidhm. Tabharfar léargas sa taighde seo ar faoi mar a thagann cur i bhfeidhm na sonraíochtaí leis an réasúnaíocht agus leis na haidhmeanna atá ann  don leagan uasdátaithe de na sonraíochtaí Gaeilge (T1 &T2) ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí agus leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015) ar bhonn níos leithne. 

Conas a earcófar scoileanna?  

Seolfar foirm léirithe spéise trí ríomhphost SEALBHÚ chuig gach iar-bhunscoil ag tabhairt cuireadh dóibh spéis a léiriú sa taighde.

Conas a roghnófar na scoileanna cás-staidéir? 

Roghnófar scoileanna cás-staidéir a bheidh ionadaíoch ar réimse foghlaimeoirí teanga agus réimse comhthéacsanna foghlama ag an iar-bhunleibhéal. D’fhéadfadh na catagóirí seo a bheith i gceist - scoileanna T2, scoileanna T1 laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, scoileanna uirbeacha/tuaithe, scoileanna a bhfuil stádas DEIS acu, scoileanna ina bhfuil aonad/sruth lán-Ghaeilge, scoileanna i gceantair éagsúla. Bainfear leas as sampláil bhreithiúnais is é sin le rá go roghnófar scoileanna leis na critéir maidir le hilghnéitheacht scoileanna rannpháirteacha a chomhlíonadh. 

Conas a dhéanfar bainistiú ar shonraí pearsanta?

Déanfar bainistiú ar aon sonraí pearsanta a mbaileofar le linn na taighde seo de réir Polasaí um Chosaint Sonraí na hOllscoile. Baileofar aon sonraí pearsanta le cead ó na rannpháirtithe amháin. Má tá aon cheist ag rannpháirtithe faoi bhainistiú nó faoi úsáid a gcuid sonraí moltar dóibh teagmháil a dhéanamh leis na bpríomhthaighdeoirí

Cé leis a dhéanaim teagmháil má bhíonn ceist agam faoin taighde? 

Má tá ceisteanna agat faoin taighde, téigh i dteagmháil le sealbhu@dcu.ie (Líne an Ábhair: Tionscadal Taighde T1/T2) le do thoil.