Céimithe Fiontar

Céimithe Fiontar

Ina bhfocail féin, labhraíonn céimithe Fiontar faoin gcúrsa a rinne siad. Gheobhaidh tú tuiscint an-mhaith ar an taitneamh agus tairbhe a bhaineann daoine as a bheith ag staidéar linn.

Niamh Ní Bhroin MSc - Feidhmeannach Craoltóireachta

 

Bhí bunchéim céad onóracha agam ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sa Chumarsáid (Scannánaíocht agus Craoltóireacht). Bhí mé ag obair go lán-aimseartha mar stiúrthóir le Macalla Teoranta. Is é an príomhchineál oibre a bhí idir lámha ag Macalla ag an am ná dubáil Ghaeilge a dhéanamh ar chartúin le craoladh ar TG4. Theastaigh uaim cur le mo chuid scileanna acadúla, ach go háirithe i réimse an ghnó. Bhí an-spéis agam i gcónaí in Fiontar ós rud é go bhféadfaí oideachas tríú leibhéil trí mheán na Gaeilge a fháil ann. Níor theastaigh uaim éirí as an obair ach an oiread. Roghnaigh mé tabhairt faoin Máistreacht i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais ar bhonn páirtaimseartha.

Bhí an-chuid rudaí a thaitin liom faoin gcúrsa: bhí sé leagtha amach go soiléir; bhí na ranganna beag; bhíos in ann freastal ar an ollscoil i ndiaidh lá oibre; agus, bhí an fhoireann lánsásta tacaíocht a thabhairt do na mic léinn leis an obair a bhí ar bun acu. Is dócha gurb é an rud is mó a thaitin liom ná gur bhuaileas le daoine a bhí ar aon tuairim liom maidir le tábhacht na Gaeilge agus an dúshlán a bhí romhainn teacht ar bhealaigh lena húsáid inár saol laethúil. Déarfainn é seo faoin bhfoireann agus faoi na mic léinn. Bhí atmaisféar an-deas ag baint le Fiontar i gcónaí.

D’ullmhaigh mé tráchtas ar na príomhchúiseanna gur craoladh cláir raidió trí mheán na Gaeilge ar stáisiúin raidió tráchtála in Éirinn i 2005 agus 2006. Bhí spéis agam a thuiscint cén fáth go raibh a leithéid de chraoladh ar bun agus cé na freagrachtaí a bhí ar stáisiúin raidió tráchtála maidir leis an nGaeilge. Sa bhreis air sin, bhí spéis agam a fháil amach an raibh cúiseanna eile, lasmuigh de fhreagrachtaí a bhain le conarthaí craolacháin a chomhlíonadh, ag baint leis an gcraoladh seo.

Faoi láthair táim ag obair le Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Baineann an chuid is mó de mo chuid oibre faoi láthair leis an réimse polasaí a mbíonn an Coimisiún ag plé leis. Sa bhreis air seo, táim mar rúnaí ar Choiste Forbartha na Gaeilge a bhunaigh an Coimisiún i gcomhar le Foras na Gaeilge, Gael Linn agus na stáisiúin raidió pobail agus tráchtála i 1999. Tá sé mar aidhm ag an gcoiste seo teacht ar bhealaigh le cur le húsáid na Gaeilge ar na stáisiúin raidió neamhspleácha.

Cabhraíonn an Mháistreacht liom sa jab ar thrí phríomhbhealach:
• Cuidíonn an méid a d’fhoghlaim mé ó thaobh gnó agus bainistíocht acmhainní de liom agus mé i mbun bainistíochta, bíodh sé sin ag plé le bainistíocht ar dhaoine, ar thograí nó ar phleananna oibre ar leith;
• Chuir na haistí, na tionscnaimh agus an tráchtas a d’ullmhaigh mé le linn an chúrsa le mo scileanna cumarsáide agus anailíse, agus cabhraíonn sé sin liom agus mé ag ullmhú tuairiscí, ag déanamh taighde maidir le polasaithe ar leith, nó ag déanamh anailís ar iarratais a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin; agus
• Chuir an méid cur i láthair a rinne mé le linn an chúrsa le mo scileanna cumarsáide, agus cabhraíonn sé seo liom i gcónaí má bhíonn cur i láthair le déanamh agam agus mé i mbun oibre (rud a tharlaíonn go minic!).



Caoimhe Ní Laighin MSc - Iriseoir

 

Thug mé faoin MSc i nGnó agus dTeicneolaíocht an Eolais a chuireann Fiontar ar fáil sa bhliain 2003. Ag an am bhí mé díreach i ndiaidh bunchéim san iriseoireacht a bhaint amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus theastaigh uaim cur le mo chuid scileanna praiticiúla. Bhí meascán deas daoine ar an gcúrsa – bhí cailín a raibh céim sa cheimic aici sa rang freisin. Níor bhraith mé go raibh sé ina bhac ollmhór nach raibh céim sa Ghaeilge agam.

Chonacthas dom go raibh go leor de na scileanna a bheadh de dhíth orm i mo shaol proifisiúnta clúdaithe ar chlár an MSc – scileanna ríomhaireachta, taighde agus gnó. Le linn an chúrsa, b’iad na heilimintí ba mhó ar bhain mé taitneamh astu ná an staidéar a rinne mé ar na hilmheáin agus an deis a bhí agam tráchtas a scríobh ar leibhéal máistreachta. Thaitin sé go mór liom chomh maith gur tugadh saoirse dom díriú isteach ar na disciplíní a bhfuil spéis agam iontu. Ó tharla go raibh cáilíocht san iriseoireacht bainte amach agam, shocraigh mé go dtabharfainn faoi thráchtas a scríobh ar na meáin chumarsáide Ghaeilge agus bhraith mé gur thug na léachtóirí go leor cabhrach agus tacaíochta dom.

D’oibrigh mé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann ar feadh seala i ndiaidh dom an MSc a bhaint amach, agus ansin bhí mé ag obair mar shaor-iriseoir agus mar eagarthóir leis an iris idirlín Beo! Tá mé ag obair faoi láthair mar iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4. Tá sealanna caite agam chomh maith ag obair mar léachtóir páirtaimseartha le Fiontar agus tá aoiléachtaí tugtha agam in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Braithim go ndeachaigh an cúrsa iarchéime go mór chun sochair dom ó thaobh mo shaoil phroifisiúnta de – idir na scileanna a d’fhoghlaim mé lena linn agus na teagmhálacha ar chuir mé aithne orthu. Mholainn go láidir do dhaoine an cúrsa seo a dhéanamh. Osclaíonn sé go leor doirse, is cuma cén cúlra atá agat. Ní chuirtear daoine ‘i mboscaí’ ar an gcúrsa agus tugtar saoirse d’iarchéimithe díriú isteach ar na rudaí is mó a bhfuil spéis acu iontu.



Nollaig Ó Maonaigh MA

 

Bhí mé i mo Mhaorsháirsint leis an Arm ag obair san Oifig Pleanála Straitéisí, fo-oifig d’Oifig an Cheann Foirne, nuair a rinne mé cinneadh cur isteach ar an gcúrsa MA sa Chleachtas Dátheangach in Fiontar. Bhí mé díreach tar éis BA le Gaeilge a chríochnú in UCD. Bhí dá chúis taobh thiar de mo chinneadh chun tuilleadh staidéir a dhéanamh trí Ghaeilge. Ós rud é go raibh an-suim agam sa teanga agus go raibh mé ag déileáil le cúrsaí Gaeilge san Arm, cheap mé go mbeadh an cúrsa an-chabhrach dom i mo chuid oibre. Ba bhall de Chomhairle Gaeilge Óglaigh na hÉireann mé le linn mo thréimhse san Arm agus bhí sé mar dhualgas ag an gComhairle an Ghaeilge a chur chun cinn sna fórsaí. Ceann de na curaimí a thit orm ná polasaí Gaeilge Óglaigh na hÉireann a scríobh agus ina dhiaidh sin chéad Scéim Teanga Oifigiúil Óglaigh na hÉireann a chur le chéile agus a fhoilsiú.

Bhí mé ag súil le tuilleadh a fhoghlaim faoi stádas oifigiúil na Gaeilge agus na cearta atá ag saoránaigh a ngnó a dhéanamh leis an Stát trí mhéan na Gaeilge agus ag deireadh an chúrsa caithfidh mé a rá nach raibh aon díomá orm. An rud is mó a thaitin liom faoin gcúrsa ná go raibh mé in ann staidéar a dhéanamh sa bhaile ag plé le cúrsaí ar an idirlíon in ionad a bheith ag dul isteach go Baile Átha Cliath gach uile sheachtain. Rinne mé é sin don BA agus bhí sé dian orm.

Ceapaim gur fhoghlaim mé go leor rudaí nua ar an gcúrsa ach is iad na rudaí a chabraíonn liom go laethúil i mo chuid oibre go fóill ná an t-eolas faoi stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúl faoin mBunreacht. D’éirigh mé as an Arm le linn an chúrsa agus fuair mé post nua leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Chabhraigh mo líofacht sa Ghaeilge liom an post nua a fháil. Cuireadh agallamh orm go dátheangach agus pléadh an MA sa Cheachtas Dátheangach le linn an agallaimh.

Don tráchtas, rinne mé cinneadh rud praicticiúil a dhéanamh leis an eolas nua a bhí faighte agam. Shocraigh mé go ndéanfainn stáidear ar an gComhairle Mhúinteoireachta mar eagraíocht nuabhunaithe agus chruthaigh mé creatlach beartas teanga don eagraíocht.

D’oscail an tréimhse a chaith mé le Fiontar mo shúile maidir le cearta an chainteora Ghaeilge agus bhí saineolas faoi leith le fáil ar an gcúrsa. Mholfainn d’éinne atá ag obair san earnáil phoiblí agus a bhfuil suim aige/aici sa teanga smoineamh ar an gcúrsa seo a dhéanamh. Tá gearghá le tuilleadh daoine san earnáil phoiblí le saineolas faoi na cearta atá ag saoránaigh a bhíonn ag lorg seirbhísí Gaeilge ón Stát.



Carmel Mac Domhnaill MA - Oifigeach Gaeilge

 

Bhíos ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a bheartaigh mé dul ar ais ag staidéar agus cé nach raibh bunchéim bainte amach agam, thug Fiontar an seans seo dom áit a fháil ar an MA sa Chleachtas Dátheangach de bharr mo thaithí oibre agus de bharr go raibh leibhéal sásúil líofachta agus cruinnis sa Ghaeilge agam. Bhíos fíorbhuíoch as ucht an seans sin.

Ag an am sin bhí dualgas ar FSS de réir na reachtaíochta faoin Acht Teanga scéim teanga a ullmhú agus is orainne a bhí ag feidhmiú mar oifigigh Ghaeilge a thit an dualgas sin. Nuair a léigh mé go mbeadh oiliúint i mbainistíocht agus i seachadadh seirbhísí dátheangacha chomh maith le traenáil phraiticiúil le bonn teoiriciúil sa dea-chleachtas dátheangach i gceist, bhíos cinnte go mbainfinn leas ar leith as an gcúrsa. Bhí sé an-oiriúnach chomh maith de bharr go raibh an chuid is mó den teagasc ar líne agus nach raibh ranganna san ollscoil ach 6 dheireadh seachtaine i rith na bliana. Cabhraíonn sé sin le daoine atá ag obair go lánaimseartha agus ina gcónaí i bhfad ó Bhaile Átha Cliath.

Bhí foireann Fiontar an-chabhrach dúinn go léir agus i gcónaí sásta cabhair agus tacaíocht a thabhairt. Cé go raibh neart oibre i gceist bhí an cúrsa leagtha amach go maith agus bhí go leor ama againn do na tascanna.

Tar éis dom an chéim a ghnóthú, lean mé ar aghaidh le mo phost mar Oifigeach Forbartha Gaeilge, post atá buan anois. Leis an MA fuair mé bunús den scoth maidir le réimse leathan ábhar. Thug an cúrsa tuiscint ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannas éagsúlachta dom. Bhíos ag tnúth le teacht amach ón gcúrsa le hardscileanna maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Chaithfinn a rá nach raibh díomá orm, ní hé amháin go bhfuair mé eolas leathan maidir le gnó trí Ghaeilge ach thug an clár an t-eolas agus an scil ba ghá dom lena chinntiú go soláthróinn seirbhís ardcháilíochta dhátheangach don phobal ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.

Mar ábhar tráchtais roghnaigh mé Teastas Eorpach na Gaeilge, sin córas scrúdaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint ag TEG leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha agus de bharr go bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Eoraip bhí spéis ar leith agam ann. Chomh maith leis sin, bhíos ag múineadh ranganna inmheánacha sa láthair oibre agus ag baint úsáide as an gcóras seo ina scrúdaítear na ceithre scil: labhairt, cluastuiscint, léamhtuiscint agus scríbhneoireacht. Sa tráchtas rinne mé staidéar ar an teoiric agus ar an stair atá taobh thiar de Theastas Eorpach na Gaeilge.



Bairbre Uí Theighneáin - Oifigeach Gaeilge

 

Is mise Bairbre Uí Theighneáin. Is Oifigeach Forbartha Gaeilge mé agus táim ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Fuair mé oiliúint san Altranas in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus chaith mé seacht mbliana déag i m’altra. Bhí mé fostaithe san Ospidéal Ginearálta sa Tulach Mhór nuair a chonaic mé an fógra faoi phost nua – Oifigeach Forbartha Gaeilge. Ní raibh a fhios agam cad a bheadh i gceist ach bhí mé sásta tabhairt faoin dúshlán. Fostaíodh mé mar Oifigeach Forbartha Gaeilge i mí Iúil 2000.

Chuala mé faoin MA sa Chleachtas Dátheangach in Fiontar ó chara a bhí ag déanamh an chéad bhliain den chúrsa. Bhí sé an-díograiseach agus spreag sé mé chun níos mó eolas a fháil faoi. Nuair a chonaic mé go raibh comhairle le fáil faoi ghnéithe éagsúla mar dhearadh dátheangach, agus an dlí agus an Ghaeilge, gan trácht ar chur chun cinn na Gaeilge a láimhseáil mar gnó, bhí an-suim go deo agam ann. Fós féin ní raibh mé cinnte go dtabharfainn faoi mar nach raibh céim sa Ghaeilge agam. Ansin fuair mé amach go bhféadfainn cur isteach ar an gcúrsa mar go raibh mé fostaithe i ngort na Gaeilge- rinne mé an cinneadh ansin é a dhéanamh.

Thaitin a lán rudaí faoin gcúrsa liom. Bhí daoine suimiúla ar an gcúrsa linn – chuir mé aithne orthu i rith an ama a chaith mé san ollscoil. D’fhoghlaim mé a lán faoi conas taighde a dhéanamh, rud nach ndearna mé riamh cheana. Bhí na léachtóirí thar cionn ar fad agus bhí siad an-chabhrach agus cairdiúil, rud a chuir leis an gcúrsa. Táim i dteagmháil leo i gcónaí. Tugadh suntas don taithí a bhí againn cheana féin agus bhí gach seans againn tógáil ar an obair a bhí déanta againn cheana leis na tascanna a bhí le déanamh againn.

An rud is mó a d’fhoghlaim mé ar an gcúrsa ná cinntiú go bhfuil an t-eolas a thugtar dom beacht. D’fhoghlaim mé faoin dtábhacht a bhaineann le cinntiú go bhfuil foinsí inchreidte á n-úsáid agam féin agus ag daoine eile, go háirithe agus staitisticí á bplé. Thug mé faoi tráchtas a dhéanamh ar na constaicí a bhíonn ann do dhaoine aosta arb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus a bhfuil cónaí orthu in Aonad Fadchónaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Níl an tráchtas críochnaithe agam fós ach beidh!

Gach uair a sheolaim aistriúcháin ar chomharthaíocht nó stáiseanóireacht chuig bainisteoir, déanaim cinnte noda faoi dhearadh dátheangach a sheoladh freisin. Fuair mé na noda ar an gcúrsa agus bainim úsáid astu gach lá. Airím go bhfuil eolas cuimsitheach agam ó rinne mé an cúrsa mar gur léigh mé an oiread sin chun an tráchtas a dhéanamh.

Bhí gach duine in Fiontar an-chairdiúil agus thugadar gach cabhair dúinn le foghlaim conas taighde a dhéanamh, conas tabhairt faoin tráchtas agus thugadar aiseolas ionraic agus cuiditheach i gcónaí. Bím bródúil as Fiontar gach uair a fheicim an t-ainm ar focal.ie agus logainm.ie mar feictear dom go bhfuil difríocht á dhéanamh ag Fiontar do shaol réalaíoch an duine atá ag obair gach lá i ngort na Gaeilge.



Aisling Nic Craith - Bainisteoir Riaracháin agus Gnóthaí Corporáideacha

 

Tá cúlra ilchineálach agam de bharr taistil agus taithí éagsúla. Rinne mé Teastas san ealaíon tar éis an scoil a fhágáil. D’oibrigh mé san earnáil lónadóireachta i Nua Eabhrac agus chaith mé trí bliana idir an tSeapáin agus an Cóiré ag múineadh Béarla agus ag traenáil in karate. Rinne mé Dioplóma sa Seapáinis freisin. Tar éis filleadh go hÉirinn bhí mé ag obair san earnáil turasóireachta ar feadh seacht mbliana. Bhí réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl agam sa tréimhse seo: stiúradh grúpaí Seapánacha timpeall na tíre; eagrú comhdhálacha Idirnáisiúnta agus turais dreasachta do chomhlachtaí móra domhanda chomh maith le margaíocht agus díolacháin. Le sé bliana anuas tá mé ag obair mar bhainisteoir riaracháin agus gnóthaí corparáideacha don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). Is cuid de fheidhmeanna reachtaíochta COGG iad comhordú ar sholáthar téacsleabhair & acmhainní do mhúineadh na Gaeilge agus trí Ghaeilge, seirbhísí taca agus comhordú ar thaighde.

Roghnaigh mé an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a dhéanamh chun cur le mo chuid scileanna don obair ó thaobh anailíse, taighde agus forbairt ar chúrsaí teicneolaíochta agus gnó de. Bhraith mé go raibh réimse leathan d’ábhar á chlúdach ar an gcúrsa a bheadh an-phraiticiúil don ionad oibre. Rinne mé mo chuid oideachais bhunscoile agus iar-bhunscoile trí Ghaeilge agus anois tá mé ag obair in oifig ina ndéantar an gnó ar fad trí Ghaeilge. Mheall an MSc mé toisc go dtiocfadh liom é a dhéanamh trí Ghaeilge.

Thaitin an gné teicneolaíochta go mór liom, go háirithe an dearadh & an fhorbairt ar shuíomh gréasáin agus cruthú an bhunachair sonraí. Bhí mé in ann mo chruthaitheacht a úsáid chomh maith leis na scileanna nua a d’fhoghlaim mé ó na gnéithe teicneolaíochta. An rud is mó a d’fhoghlaim mé ná: conas anailís a dhéanamh ar cháipéisí, ar staitisticí agus ar thuairiscí bliantúla; taighde a dhéanamh; agus struchtúr ceart a chur ar thuairiscí agus aistí acadúla. Tá na módúil ar fad an-suimiúil agus an-úsáideach sa saol gnó.

Tarraingím ar gnéithe den chúrsa go laethúil i mo chuid oibre:
- Ag plé le suíomh gréasáin COGG
- Ag tógáil bunachair sonraí do ghnéithe éagsúla den obair
- Ag cur i bhfeidhm an t-eolas a d’fhoghlaim mé sna módúil mhargaíochta agus chaidreamh poiblí.
- Ag úsáid na scileanna a d’fhoghlaim me ón módúil ar bhainistíocht tionscadail agus eagrú agus comhordú ar thionscadail éagsúla á dhéanamh.
- Na scileanna anailíse cuntasaíochta.

Tá mo thráchtas mar gheall ar sholáthar áiseanna san iar-bhunscoil atá bainteach leis an obair atá ar siúl agam faoi láthair. Molaim go mór an cúrsa seo a dhéanamh. Is féidir na scileanna a aistriú idir poist agus gairmbeatha difriúla. Cé go bhfuil an teagasc agus an fhoghlaim ar fad trí Ghaeilge ní gá go mbeadh na mic léinn ag obair san earnáil Ghaeilge.



Bairbre Ní Choisdealbha MSc - Múinteoir Matamaitice

 

Is múinteoir méanscoile mé a bhíodh ag múineadh matamaitice agus ríomhaireachta i nGaelscoil Choláiste de hÍde i mBÁC. Bhí post freagrachta agam i leith Teicneolaíocht Faisnéise. Is ball de choiste feidhmeannach Chumann Ríomh Oideachais na hÉireann (CESI) mé. Bhí mé i mo chomhordaitheoir suímh ar Chomhdháil Náisiúnta CESI i gColáiste de hÍde ó 2002 go 2008 agus is leas-chomhordaitheoir suímh mé i mbliana. Seo Comhdháil a dhéanann freastal ar beagnach 300 múinteoir agus 34 seisiún ríomhaireachta.

Roghnaigh mé an mháistreacht seo mar go raibh an cúrsa i dTeicneolaíocht Faisnéise trí mheán na Gaeilge agus thaitin na hábhair a sholáthair an cúrsa go mór liom. Bhí an módúl Líonraí Ríomhairí don Gnó díreach bainteach leis an gcúram i dTeicneolaíocht Chumarsáide agus Faisnéise a bhí agam sa scoil. Chonaic mé na féideartheachtaí a sholáthair na modúil i bhFoilsitheoireacht Ilmheán agus sa Mhargaíocht le híomhá proifisiúnta scoile ar líne a chruthú agus thaitin éiteas Fiontar liom.

Rinne mé an cúrsa go páirtaimseartha le cáilíocht fhoirmeálta ríomhaireachta a bhaint amach, ach fuair mé an oiread eile as. Rinne muid réimse leathan ábhar, atá tar éis cur go mór le mo chuid scileanna, ní amháin mar mhúinteoir ach go ginearálta mar dhuine. Seasann na scileanna cumarsáide, taighde, bainistíocht acmhainní daonna, agus pleanála straitéisí go mór liom ar bhonn laethúil i mo chuid oibre. Tá meas agus tuiscint i bhfad níos fearr agam ar ról bainistíochta agus ceannaireachta scoile leis na módúil a rinne muid i nGnó agus Bainistíocht. Tá léargas níos doimhne agus feasacht níos airde agam ar thábhacht oidhreachta agus cultúrtha mar shaoránach i dtír mhiontheangach.

Mhúscail an cúrsa tréithe fiontraíochta agus nuálaíocha ionam. Neartaigh sé mo scileanna ríomhaireachta go dtí leibhéal go raibh ar mo chumas tabhairt faoi uirlis teagaisc matamaitice a fhorbairt le haghaidh mo thráchtais. Bhí an uirlis teagaisc a cruthaigh mé aitheanta sa Bharr 100 le haghaidh gradam ríomh-foghlama 2005 ag http://elearningawards.eun.org De thoradh ar an gcáilíocht mháistreachta seo tá mé oilte anois le réimse leathan ábhar eile a mhúineadh, gnó ina measc. Mar gheall ar an réimse leathan sin agus mo bhunchéim sa mhatamaitic d’éirigh liom post múinteoireachta a fháil i nGaelscoil Choláiste an Eachréidh i gCo. na Gaillimhe.

Tá dlúthchairdeas agam le go leor de mo chomh-mhic léinn a bhí ar an gcúrsa liom agus cuimhní iontach agam ar an gcraic a bhí againn le chéile. Thaitin mo chuid ama go mór liom sn ollscoil, líon beag mac léinn sna ranganna, an trasdisciplíneacht agus an cúlra acadúil a bhí ag na mic léinn ar fad; an comhoibriú eatarthu féin le spriocdátaí a shroicheadh; an éagsúlacht sa chur chuige; an gaol maith bhí againn leis na léachtóirí; an spreagadh a tugadh dúinn ár bhfís féin a aithint agus a bhaint amach. Bhain mé an-sult as an mháistreacht seo a dhéanamh agus tá mé tar éis an oiread sin taitneamh agus tairbhe a bhaint aisti. Molaim go hard í.

Seo nasc chuig suíomh idirlín na scoile:
http://www.countygalwayvec.ie/irish/ar-seirbhisi/scoileanna-agus-colaiste/colaiste-eachreidh-athenry.html.