Cúrsaí Iarchéime

Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Is cúrsa nuálach comhaimseartha é an MA i Léann na Gaeilge ina soláthraítear deis do mhic léinn sainscileanna acadúla a ghnóthú trí iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar theanga, ar chultúr, agus ar litríocht na Gaeilge.