Tionscadail Dhigiteacha

Tá clú ar fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge as an taighde a dhéanann siad trí mheán na Gaeilge ar thograí maoinithe sna daonnachtaí digiteacha. Tograí iad seo ina gcuirtear teicneolaíochtaí faisnéise agus digiteacha i bhfeidhm ar theagasc agus ar thaighde faoi ghnéithe den chultúr daonna.

Le blianta beaga anuas, tá ceannródaíocht á léiriú ag foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge agus iad i mbun cuid thábhachtach de thraidisiúin teangeolaíocha agus chultúrtha na Gaeilge a chur ar fáil go fairsing ar ardáin dhigiteacha ar mhaithe le mic léinn, taighdeoirí, lucht gairmiúil agus an pobal i gcoitinne, chomh maith leis an diaspóra Éireannach thar lear.

Tá ár gcuid tograí meithle uile á seachadadh i gcomhar le forais phoiblí in Éirinn agus san Eoraip. I measc na dtograí sin atá faoi stiúir Fiontar & Scoil na Gaeilge nó a bhfuil Fiontar & Scoil na Gaeilge ag comhoibriú le forais eile mar chuid díobh tá:

  • Bunachar Sonraí Logainmneacha na hÉireann – logainm.ie – mar aon le huirlisí mapála de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla den suíomh ar fáil, rud a chuidíonn leo siúd atá ar bheagán Gaeilge – go háirithe más cuid den diaspóra Éireannach iad. Gné nuálach ar leith a bhaineann leis an mbunachar áirithe seo is ea an chartlann fuaimeMeitheal logainm.ie - is fo-shuíomh de chuid logainm.ie é Meitheal Logainm.ie. Uirlis sluafhoinsithe atá sa suíomh seo chun sonraí a bhaineann le mionainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. Leis an uirlis seo tugtar deis don phobal oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne.
  • An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge – ainm.ie – i gcomhar leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht. Tá cuntas ar bhreis agus 1,700 duine ón mbliain 1560 ar aghaidh a raibh baint shuntasach acu leis an nGaeilge. Tá liostú aibítreach ann mar aon le córas cuimsitheach crostagartha, lán-áis chuardaigh le haghaidh eochairfhocal agus frásaí, amlínte, agus gnéithe de bheatha na ndaoine amhail saothar, gradam agus imeachtaí suntasacha ar leith.
  • Cnuasach Bhéaloideas Éireann – dúchas.ie - traidisúin béil na hÉireann, atá á chur i gcartlann agus á dhigitiú ar an suíomh dúchas.ie le haghaidh an phobail náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá an cnuasach seo ar líne á fhorbairt trí chomhthogra idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Coláiste Ollscoile, Báile Átha Cliath. Tá na háiseanna seo a leanas ar fáil ar an suíomh:

(i) Imleabhair uile Bhailiúchán na Scol (digitithe agus innéacsaithe)

(ii) Cuardach de réir daoine, topaicí, áiteanna

(iii) Meitheal dúchas.ie (tionscadal tras-scríofa)

(iv) Innéacs Sloinnte Éireannacha

  • An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Gaeilge – téarma.ie – i gcomhar le Foras na Gaeilge. Liosta de bhreis agus 200,000 téarma i nGaeilge a bhaineann le sainábhair agus le sainréimsí comhaimseartha.
  • Foclóir le haghaidh liosta idirnáisiúnta téarmeolaíochta – IATE nó Interactive Terminology for Europe – i gcomhar leis an Aontas Eorpach. Is é IATE an tseirbhís téarmeolaíochta idirtheangach ar líne le haghaidh an Aontais Eorpaigh a chuireann rochtain éasca ar an téarmaíocht ar fáil in aon ionad amháin. Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge freagrach as an ábhar téarmaíochta i nGaeilge a bhainistiú.
  • Gaois.ie - is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU a chur ar fáil don phobal. Is torthaí taighde iad na hacmhainní seo ar thionscadail a maoiníodh go seachtrach agus ar shaothar taighdeoirí aonair.
  • SpeakApps.eu – Tionscadal taighde atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach atá i gceist le SpeakApps. Is é an aidhm atá leis réimse uirlisí agus tascanna ar líne a fhiosrú, a mheasúnú agus a fhorbairt d’fhonn cuidiú leis an táirgeadh teanga i réimse teangacha Eorpacha (An Béarla, an Ghaeilge, an Chatalóinis, an Ollainnis, an Pholainnis, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Chróitis, an Fhionlainnis agus an tSualainnis). Trí mheán an tionscadail cuirtear rochtain ar fáil ar réimse uirlisí nuálacha, idirghníomhacha ar líne a bhaineann le teagasc agus le foghlaim teanga. Is féidir le daoine an dara nó, fiú, an tríú teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh chun gur féidir leo a gcuid eolais ar an teanga a fheabhsú trí chóras aiseolais ar líne. Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge ina chomhbhall de chomhghuaillíocht cúig ollscoil Eorpacha atá i mbun an taighde seo faoi láthair.